Skip to main content
AAA

Cinntí a Fhorfheidhmiu ar Ghearáin/Diospóidí

Go ginearálta, tá sé seachtaine ag fostóirí le chur i bhfeidhm ar chinneadh nó bhreith a dhein moltóir (viz. Coimisinéir um Chearta, an Binse Achomhairc Fostaíochta, Oifigeach Comhionannais). Má theipeann ar an bhfostóir é sin a dhéanamh laistigh den tréimhse sin, agus, faoi réir achomhairc an bhreith nó an cinneadh gan a bheith déanta, féadfaidh an fostaí gearán a dhéanamh chuig Comhlacht eile (m.sh. an Chúirt Oibreachais, i ndáil le cinntí áirithe ón Choimisinéir um Chearta) chun daingniú a lorg ar an gcinneadh bunaidh. Léiríonn an tábla thíos an Comhlacht ábhartha (faoi Forfheidhmiú Leibhéal 1) i gcás na gearáin/díospóidí éagsúla. 

Is iad seo a leanas na foirmeacha atá le húsáid nuair atá tú ag lorg daingniú ón gCúirt Oibreachais nó ón mBinse Achomhairc Fostaíochta maidir le breith/ cinneadh ó moltóir:

 Forálann reachtaíocht áirithe, i gcás a theipeann ar an bhfostóir déanamh de réir an dara cinneadh, d'fhéadfadh an fostaí, nó, i gcásanna áirithe, ceardchumainn an fhostaí, iarratas a dhéanamh chuig na Cúirteanna ar ordú á ordú don fhostóir an bhreithiúnas/cinneadh a chur i gcrích. I gcás nach bhfuil siad in ann é sin a dhéanamh, soláthraíonn reachtaíocht áirithe gur feidir leis an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, in imthosca áirithe, iarratas a dheanamh chuig na Cúirteanna ar ordú ar a shon. Is féidir leis an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (NERA) iarratais den sórt sin a dhéanamh thar ceann an Aire. Ba chóir iarratais ag lorg idirghabháil den sórt sin ag an Aire a dhéanamh chuig

Enforcement Unit
National Employment Rights Authority
O'Brien Road
Carlow.

R-phost: enforcement@employmentrights.ie

Tá an Tábla thíos úsáideach mar treoir do na roghanna forfheidhmithe atá ar fáil faoi na príomh-réimsí reachtaíochta fostaíochta.

Neamh-comhlíonadh le..Leibhéal Forfheidhmiú 1Leibhéal Forfheidhmiú 2
Cinntí an Choimisinéara um Chearta faoi Eagrú Ama Oibre, Pá Íosta, Comhionannais Fostaíochta, Páirtaimseartha, Seasta-am, Sábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair agus Obair Ghníomhaireachta ShealadachGearán a dhéanamh leis an gCúirt Oibreachais i ndáil le neamh-chur i bhfeidhm an cinneadh Coimisinéara um CheartaIarratas chun na Cúirte Cuarda ag fostaí, ceardchumann nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm chinneadh an Chúirt Oibreachais
Cinneadh Coimisinéara um Chearta faoin 'Payment of Wages Act'Féadfaidh cinneadh Coimisinéara um Chearta a chur i bhfeidhm amhail is dá mba ordú de chuid na Cúirte Cuarda. Ba chóir iarratas foirmiúil ar ordú den sórt sin a chomhdú in Oifig an Chláraitheora Contae ag an duine atá ag lorg an t-ordú
Moladh an Choimisinéara um Chearta faoi na 'Unfair Dismissals Acts'Gearán a dhéanamh leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le neamh-chur i bhfeidhm mholtaí an Choimisinéara um CheartaIarratas chun na Cúirte Cuarda ag fostaí, ceardchumann nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm chinneadh mBinse Achomhairc Fostaíochta
Cinntí Oifigigh Comhionannais faoi na 'Employment Equality Acts'Iarratas chun na Cúirte Cuarda ag an gearánach nó ag an tÚdarás Comhionannais i ndáil le neamh-chomhlíonadh leis an gcinneadh
Socraíochtaí idirghabhála faoi Alt 78 de na 'Employment Equality Acts'Iarratas chun na Cúirte Cuarda ag páirtí i ndáil le neamh-chomhlíonadh leis an socraíocht idirghabhála
Cinneadh an Bhinse Achomhairc Fostaíochta faoi na 'Unfair Dismissals Acts'Iarratas chun na Cúirte Cuarda ag fostaí nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh an mBinse Achomhairc Fostaíochta
Cinneadh an Coimisinéir um Chearta faoin 'Terms of Employment (Information) Act'Gearán a dhéanamh leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh an Choimisinéir um CheartaIarratas chun na Cúirte Dúiche ag fostaí, ceardchumann nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm  chinneadh an mBinse Achomhairc Fostaíochta
Cinneadh an Coimisinéir um Chearta faoi na 'European Communities (Protection of Employees on Transfer of Undertakings) Regulations 2003'Iarratas chun na Cúirte Cuarda ag fostaí, ceardchumann nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh an Choimisinéir um Chearta
Cinneadh an Choimisinéara um Chearta faoi alt 26 (1) den 'Employment Permits Act 2006' (Pionósú)Gearán a dhéanamh leis an gCúirt Oibreachais i ndáil le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh an Choimisinéir um CheartaIarratas chun na Cúirte Cuarda ag fostaí, ceardchumann nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh an Chúirt Oibreachais
Cinneadh Coimisinéara um Chearta faoin 'Protection of Young Persons (Employment) Act, 1996'Gearán a dhéanamh leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh Coimisinéara um CheartaIarratas chun na Cúirte Dúiche ag fostaí, ceardchumann nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh an mBinse Achomhairc Fostaíochta
Cinneadh an Choimisinéara um Chearta faoin 'European Communities (Protection of Employment) Act 2000' (dualgas dul i gcomhairle agus faisnéis áirithe a sholáthar d'fhostaithe)Gearán a dhéanamh leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh Coimisinéara um CheartaIarratas chun na Cúirte Cuarda ag fostaí, ceardchumann nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh an mBinse Achomhairc Fostaíochta
Cinneadh Coimisinéara um Chearta faoin 'Competition Act, 2002'Gearán a dhéanamh leis an mBinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh Coimisinéara um CheartaIarratas chun na Cúirte Cuarda ag fostaí, ceardchumann nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh an mBinse Achomhairc Fostaíochta
Cinneadh an Choimisinéara um Chearta nó, ar achomharc, cinneadh ón mBinse Achomhairc Fostaíochta faoi na 'Maternity Protection', 'Adoptive Leave', 'Carer’s Leave' agus 'Parental Leave Acts'Iarratas chun na Cúirte Cuarda ag an bpáirtí eile nó ag an tAire maidir le neamh-chur i bhfeidhm cinneadh Coimisinéara um Chearta nó cinneadh an Bhinse Achomhairc Fostaíochta

Chinneadh na Cúirte Oibreachais faoin 'Employees (Provision of Information and Consultation) Act, 2006'

Iarratas chun na Cúirte Cuarda ag an bpáirtí eile maidir le neamh-chur i bhfeidhm an chinnidh Cúirte Oibreachais