Skip to main content
AAA

Iomarcaíocht

Tarlaíonn iomarcaíocht nuair a chuirtear deireadh le post  fostaí agus nuair nach bhfostaítear fostaí eile ina (h)ionad.  Tá fostaí ar bith atá 16 bliana d’aois nó níos sine a sholáthair seirbhís leanúnach 104 seachtain le fostóir i dteideal íocaíocht iomarcaíochta reachtúla sa chás seo.

Is féidir le fostaí a fuair 'Fógra um Dhífhostú Beartaithe d’Iomarcaíocht (Foirm RP50 (Cuid A))' cinneadh a dhéanamh chun an fhostaíocht a fhágáil níos luaithe ná dáta na hiomarcaíochta a cuireadh in iúl dó/di, mar shampla, chun glacadh le tairiscint fostaíochta eile. Má dhéanann sé/sí cinneadh chun fágáil, tá an baol ann go bhféadfadh sé/sí aon teidlíocht d’íocaíochtaí iomarcaíochta a chailleadh mura dtugann siad fógra dá bhfostóir i scríbhinn trí úsáid a bhaint as Foirm RP6 - Fágáil sula nÉagann Iomarcaíocht. Tá an lánrogha ag fostóir maidir le cé acu an iarraidh sin a dheonú nó gan é a dheonú. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur féidir difear a dhéanamh do theidlíocht duine íocaíocht iomarcaíochta a fháil má fhágtar i rith na tréimhse fógra gan comhaontú an fhostóra a bheith faighte.

Má rinneadh thú a leagan as nó má tá gearr-am á oibriú agat ar feadh 4 seachtaine nó níos faide, is féidir leat fógra a thabhairt do d’fhostóir go bhfuil sé beartaithe agat íocaíocht iomarcaíochta a éileamh ar Fhoirm RP9 - Leagan As agus Nósanna Imeachta Gearrthéarmacha.

Murar íoc an fostóir a c(h)napshuim iomarcaíochta leis an bhfostaí, ba cheart dó/di iarratas a dhéanamh leis an bhfostóir trí úsáid a bhaint as Foirm RP77 - Éileamh ag Fostaí in aghaidh Fostóra ar Chnapshuim nó Cuid de Chnapshuim. Má dhiúltaíonn d’fhostóir go fóill chun é a íoc, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí ar íocaíocht dhíreach ón gCiste Árachais Shóisialaigh.

Is ionann an íocaíocht iomarcaíochta reachtúla agus ollphá dhá seachtain sa bhliain seirbhíse a mhéid le teorainn €600 sa tseachtain móide pá seachtaine amháin, atá faoi réir na huasteorann €600, chomh maith.  Tá an íocaíocht seo saor ó cháin. Chun teacht ar fhaisnéis ar conas do theidlíochtaí a ríomh, tabhair cuairt, le do thoil, ar an áireamhán iomarcaíochta ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí. Is féidir le roinnt fostóirí comhaontuithe iomarcaíochta a dhéanamh atá os cionn an ráta reachtúil.

Chun teacht ar fhaisnéis ar stádas cnapshuim iomarcaíochta nó éileamh ar aisíocaíocht a seoladh ar aghaidh chun go n-íocfar iad, is féidir leat teagmháil a dhéanamh go díreach leis an Rannóg Iomarcaíochta trí ghlao ar 1890 800 699. Foilseofar breis faisnéise, chomh maith, ar www.welfare.ie

Chun teacht ar chóip de na foirmeacha ábhartha iomarcaíochta, tabhair cuairt, le do thoil, ar an leathanach iomarcaíochta ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Úsáid na naisc seo chun cóipeanna den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 nó den Acht um Chaomhnú Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla agus Nithe Gaolmhara), 2007 a léamh nó a íoslódáil.