Skip to main content
AAA

Uaireanta Oibre & Saoire

Is ionann 48 uair an t-uasmhéid uaireanta gur cheart don fhostóir oibriú sa mheán-seachtain oibre. Ba cheart an mheán-seachtain oibre a bheith déanta amach thar thréimhse cheithre mhí. Ag an am céanna tá roinnt eisceachtaí a bhaineann leis an meántréimhse seo.

Féadfar an meánú seo a dhéanamh cothrom thar thréimhse 4, 6 nó 12 mhí, ag brath ar na dálaí. Is féidir na rialacha seo a leanas a chur i bhfeidhm chun an glanuasmhéid 48 n-uaire a chloig sa tseachtain oibre:

d’fhostaithe go ginearálta - 4 mhí
d’fhostaithe nuair a bhíonn séasúracht i gceist leis an obair, nó borradh inmheasta sa ghnó, nó nuair a bhíonn baint dhíreach ag fostaithe leis an leanúnachas seirbhíse nó tairgthe - 6 mhí.
do gach aon fhostaí a dhéanann comhaontú comhchoiteann lena fhostóir a fhaomhann an Chúirt Oibreachais é - 12 mhí.

Saoire

Bíonn fostaithe i dteideal do:
Tréimhse sosa laethúil de 11 uair comhleanúnacha i ngach tréimhse de 24 uair an chloig.
Tréimhse sosa sheachtainiúil de 24 uair comhleanúnacha i ngach tréimhse seacht lá, ag teacht díreach sna sála ar thréimhse sosa laethúil.
Sos ceathrú huair an chloig gach am a bhfuil 4½ uair an chloig d’obair déanta
Sos leathuair an chloig sa chás go bhfuiltear tar éis 6 huaire oibre déanta, an chéad sos den lá san áireamh leis sin.

 Ní teidlíocht reachtúil é go n-íoctar as tréimhsí sosa.

Obair Oíche

San Acht um Eagrú Ama Oibre sainmhínítear “an Oíche” mar an tréimhse sin idir meán oíche agus 7.00 a.m. an mhaidin dár gcionn.

Sainmhínítear “Oibrí Oíche” mar fhostaí -
(a) a oibríonn ar a laghad 3 huaire dá uaireanta oibre laethúil le linn na hoíche,
agus
(b) gurb ionann an líon uaireanta a oibríonn sé le linn na hoíche sa bhliain agus, nó gur níos mó an líon sin ná, 50 faoin gcéad den líon iomlán uaireanta a oibríonn sé an bhliain sin.

Maidir le hoibrithe oíche go ginearálta, is ionann an t-uaslíon uaireanta oibre oíche agus 48 n-uaire sa tseachtain meánaithe thar thréimhse 2 mhí nó thar thréimhse níos faide nó sin má shonraítear a leithéid i gcomhaontú comhchoiteann a dhéanann an Chúirt Oibreachais é a fhaomhadh.

D’oibrithe oíche a bhaineann a gcuid oibre le priacail ar leith nó le hanró intinne nó le hanró fisiceach, maslach, tá dearbhtheorainn de 8 n-uaire an chloig in aon tréimhse de 24 uair an chloig ina ndéanann siad obair oíche. 

Is féidir féachaint air nó íoslódáil an reachtaíocht anseo - An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997

I measc an reachtaíocht eile atá ábhartha, áirítear -

 I.R. Uimh 57 de 1998 - Rialacháin um Eagrú Ama Oibre (Sosanna san Obair d’Fhostaithe Siopaí), 1997