Skip to main content
AAA

Maidir le Breithniú

Gearáin

I gcás ina gcreideann duine go ndearnadh sárú ar an reachtaíocht atá liostaithe thíos maidir leis/léi, féadfaidh sé/sí, nó duine a bheidh ag gníomhú ar a shon, gearán a chur isteach chuig Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, má cheapann sé/sí go bhfuil an cás oiriúnach le réiteach trí bhíthin eadrána, gearán den sórt sin a tharchur chuig Oifigeach Eadrána. Nó, cuirfidh sé/sí an cás ar aghaidh chuig Oifigeach Breithnithe i gcomhair breithniú.

Is iad seo a leanas na codanna sonracha den reachtaíocht faoinar féidir le gearánach gearán a chur isteach -

Alt 4(2) nó 5 den Acht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973Alt 9 den Acht um Chaomhnú Fostaíochta, 1977
Alt 5 den Acht um Íoc Pá, 1991Alt 3, 4, 5 nó 6 den Acht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 
Alt 13 nó 17 den an Acht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht), 1996S.17 of the Transnational Information and Consultation of Employees Act 1996
Foráil iomchuí de réir bhrí Alt 27 den Acht um Eagrú Ama Oibre, 1997Alt 4(1) den Acht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998
Alt 8A(5) den Acht um Éilliú a Chosc (Leasú) 2001Alt 9 nó 15 den Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha), 2001
Alt 50(3) den Acht Iomaíochta, 2002An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe), 2003
Alt 8 den Acht Caidrimh Thionscail (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004Alt 55M(1) den Acht Sláinte, 2004
Alt 27 den Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005Alt 26(3) den Acht um Cheadanna Fostaíochta, 2006
Alt 13 den Acht um Fhostaithe (Faisnéis agus Comhchomhairle a Sholáthar) 2006Alt 87(3) den Acht um Chosaint Tomhaltóirí, 2007
Alt 26(1) den Acht Ceimiceán 2008Alt 62(1) den Acht Carthanas, 2009
Alt 223(3) den Acht fán nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, 2009Alt 38(1) den Acht um Iascach Intíre, 2010
Alt 20(1) den Acht um Cheartas Coiriúil 2011.Alt 67(5) den Acht um Sheirbhísí Maoine (Rialáil), 2011
Alt 6, 13(1) nó 34 den Acht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach), 2012Alt 35(1) den Acht Breisoideachais agus Oiliúna, 2013
Alt 41(1) den Acht an Bhainc Ceannais (Maoirsiú agus Forfheidhmiú), 2013Alt 12(1) den Acht um Nochtadh Cosanta 2014
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Fostaithe a Chosaint ar Ghnóthais a Aistriú) 2003 (I.R. Uimh. 131 de 2003) (cé is moite de Rialacháin 4(4)(a) agus 13)Rialacháin 5, 6, 7. 8, 9 nó 10 de chuid Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eagrú Ama Oibre) (Gníomhaíochtaí Dochtúirí faoi Oiliúint) 2004 (I.R. Uimh. 494 de 2004)
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eagrú Ama Oibre) (Foireann Ghluaisteach in Eitlíocht Shibhialta) 2006 (I.R. Uimh. 507 de 2006)Rialachán 19 de chuid Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cuideachta Phoiblí Eorpach atá Teoranta ó thaobh Dliteanais) (Páirteachas Fostaithe) 2006 (I.R. Uimh 623 de 2006)
Rialachán 20(1) de chuid Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comharchumann na hEorpa) (Páirteachas Fostaithe) 2007 (I.R. Uimh 259 de 2007)Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Tuairisciú ar Tharluithe in Eitlíocht Shibhialta) 2007
Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Dálaí Oibre d’Oibrithe Taistil atá ag Cur Fúthu i Seirbhísí Tras-Teoranta in Earnáil an Iarnród) 2009 (I.R. 377 de 2009)Rialacháin 5, 8, 10, 11 nó 12 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Eagrú Ama Oibre Daoine i mbun Gníomhaíochtaí Soghluaiste Iompair ar Bhóithre) 2012 (I.R. Uimh. 36 de 2012).
Ordú Rialaithe Fostaíochta faoi Alt 42C (a cuireadh isteach le hAlt 12 den Acht Caidrimh Thionscail (Leasú), 2012) den Acht Caidrimh Thionscail 1946