Skip to main content
AAA

Fógra um Chomhlíonadh

I gcás ina bhfuil Cigire um Chaidreamh san Áit Oibre sásta gur sháraigh fostóir píosa reachtaíochta atá liostaithe thíos maidir le duine nó níos mó dá chuid/cuid fostaithe, féadfaidh an Cigire Fógra um Chomhlíonadh a eisiúint.

Maidir le Fógra um Chomhlíonadh -

  • luafar air na forais ar a bhfuil an cigire sásta gur tharla sárú ar an reachtaíocht
  • iarrfar ann ar an bhfostóir gníomh a dhéanamh nó staonadh ó ghníomh(artha) mar atá sonraithe san fhógra, agus faoi dháta mar atá sonraithe (Tabhair faoi deara - ní bheidh an dáta sonraithe níos túisce ná dáta faoina mbeidh fostóir i dteideal achomharc a thabhairt).
  • beidh faisnéis ann maidir le hachomharc a thabhairt i gcoinne an fhógra, lena n-áirítear an bealach ina bhféadfaí achomharc a thabhairt

Féadfaidh fostóir achomharc i gcoinne an fhógra a dhéanamh chuig an gCúirt Oibreachais tráth nach déanaí ná 42 lá ó sheirbheáiltear an fógra. Ag Éisteacht na Cúirte Oibreachais den achomharc, féadfar éisteacht a thabhairt don chigire agus don fhostóir lena mbaineann agus féadfaidh siad araon fianaise a chur i láthair.

Ina dhiaidh sin, féadfaidh fostóir achomharc a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda i gcoinne chinneadh na Cúirte Oibreachais inar daingníodh an fógra um chomhlíonadh, inar tarraingíodh siar é nó inar eisíodh treoir maidir leis. Ní mór achomharc den sórt sin chuig an gCúirt Chuarda a dhéanamh laistigh de 42 lá ón gcinneadh nó ó thugtar an treoir lena mbaineann.

I gcás ina bhfuil cigire sásta gur chomhlíon fostóir an fógra um chomhlíonadh, seirbheálfaidh sé/sí fógra ar an bhfostóir ina dtabharfar é sin le fios. 

Reachtaíocht faoinar féidir Fógra um Chomhlíonadh a eisiúint -

AchtAilt
An tAcht um Íoc Pá, 1991, (Uimh. 25 de 1991)Alt 5
An tAcht um Chosaint Mháithreachais, 1994, (Uimh. 34 de 1994)Alt 18
An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997 (Uimh. 20 de 1997)Ailt 6(2), 11, 12, 13, 14(1), 15(1), 16(2), 17, 18, 19(1), 21, 22, 23(1), 23(2)
An tAcht um Shaoire Cúramóra 2001 (Uimh. 19 de 2001)Alt 13(2)
An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Ghníomhaireachta Shealadach), 2012 (Uimh. 13 de 2012)Alt 14