Skip to main content
AAA

Iomarcaíochtaí Comhchoiteanna

Déantar leis na hAchtanna um Chaomhnú Fostaíochta, 1977 - 2014 é a bheith sainordaitheach d’fhostóirí a mholann iomarcaíocht chomhchoiteann:

  • dul i mbun próiseas comhairliúcháin um fhaisnéis i gcomhar le hionadaithe thar ceann na bhfostaithe agus
  • an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas maidir le hiomarcaíocht chomhchoiteann atá molta.

Tá cosc ar fhostóirí gan aon fhógra den iomarcaíocht a chur amach le linn na tréimhse sainordaithí phróiseas sainordaitheach faisnéise agus comhairliúcháin (ceanglas faoi Acht 1977) agus go dtí go bhfuil 30 lá slánaithe ón dáta ar a gcuirtear an tAire ar an eolas faoi. Beidh sé ina chion aon iarracht chun iomarcaíochtaí comhchoiteanna a thabhairt isteach le linn na tréimhse sinn agus féadfar go ngearrfar fíneáil €3,000 ar an fhostóir dá bharr, ach amháin más féidir an fostóir a thaispeáint go bhfuil cúiseanna substaintiúla gnó leis an neamhchomhlíonadh, mar shampla an fhéimheacht, an dhócmhainneacht nó ordú cúirte.

Chun nach mbeadh aon amhras ann faoi, féadfar don phróiseas sainordaitheach 30 lá faisnéise agus comhairliúcháin agus don phróiseas 30 lá a luadh roimhe seo ón dáta a gcuirtear an tAire ar an eolas a bheith ar siúl i gcomhthráth. Ós é nach mbeifear in ann an fógra don Aire a chríochnú go dtí go bhfuil a fhios cé hiad ionadaithe na bhfostaithe chun críche an phróisis faisnéise agus comhairliúcháin, áfach, thuigfeá gur féidir nach mbeadh an dá thréimhse go hiomlán comhthráthach sa chás nach mbíonn an fostóir ag déileáil leis an gcómhargáil de ghnáth, nach bhfuil fóram ionadaíochta fostaithe nó go mbíonn moill ann chun roghnúchán/toghchán d’ionadaithe fostaithe chun comhlíonadh le forálacha na nAchtanna.

Cad is é an iomarcaíocht chomhchoiteann?

Is éard is ‘iomarcaíocht chomhchoiteann’ ná nuair a dhéantar íosmhéid fostaithe iomarcach laistigh de thréimhse 30 lá comhleanúnach, agus an t-íosmhéid sin ag athrú de réir an ghnáthlíon fostaithe atá i bhfoireann oibre na gnólachta i gceist. Is éard atá san íosmhéid d’iomarcaíochta maidir leis an líon iomlán san fhórsa oibre mar seo a leanas:

  • 5 fhostaí i ngnólacht ina bhfuil idir 21 agus 49 fostaí ann san iomlán
  • 10 bhfostaí i ngnólacht ina bhfuil idir 50 agus 99 fostaí ann san iomlán, de ghnáth
  • 10% de líon na bhfostaithe i nglólacht ina bhfuil idir 100 agus 299 fostaí ann de ghnáth, nó 
  • 30 fostaí i ngnólacht ina bhfuil 300 fostaí, nó breis ar sin, ann san iomlán, de ghnáth

Agus áireamh á dhéanamh agat ar an líon daoine atá fostaithe i nglólacht, féach ar an mheánlíon atá fostaithe i ngach uile cheann den 12 mhí a tháinig roimh don dáta ar a thosaigh feidhm an chéad díbhe.

Cad iad na hoibleagáidí chun dul i gcomhairliúchán le fostaithe?

Le hAlt 9 d’Acht 1977 cuirtear ceangaltas ar fhostóirí tabhairt faoi próiseas comhairliúcháin leis na hionadaithe fostaithe oiriúnacha ‘ d'fhonn teacht ar chomhaontú’. Táthar tar éis foclaíocht chomhchosúil sa reachtaíocht coibhéiseach de chuid an RA a bheith léirmhínithe go breithiúnach a rá gurb éigean don fhostóir cead a thabhairt do na hionadaithe fostaithe dóthain ama agus an fhaisnéis a thugtar faoi na cinnlínte éagsúla atá leagtha amach thuas chun tograí an fhostóra a chur san áireamh, agus chun tograí cuideachta a thabhairt mar fhreagra air. Ní théann na hoibleagáidí atá ar an fhostóir maidir leis seo níos faide ná deis leordhóthanach do na hionadaithe teacht ar ais lena gcuid tograí tar éis dóibh deis a bheith acu tograí tosaigh a rinne an fostóir a mheas.

“Is é an pointe ríthábhachach, i mo thuairim féin ná gur gá gur chomhairliúchán é inar féidir leis na hionadaithe oibrithe tograí cuideacha a thabhairt agus am a bheith acu amhlaidh a dhéanamh.” (An Breitheamh Blackburne in Griffin in aghaidh South West Water Services Ltd. [1995] IRLR 15)

Próiseas Comhairliúcháin um Fhaisnéis i gcomhar le hIonadaithe Fostaithe

Caithfidh próiseas faisnéise agus comhairliúcháin le hionadaithe na bhfostaithe a chuirfear tús leis 30 lá roimh eisiúint d’aon fhógra dífhostaithe, ar a dheireanaí. 

Féadfar an comhairliúchán leis na hionadaithe fostaithe agus an tréimhse fógartha don Aire a bheith ar siúl i gcomhthráth. Tá sé ina chion d’fhostóir fógra iomarcaíochta a eisiúint d’aon fhostaí le linn na tréimhse 30 lá de chomhairliúchán leis na hionadaithe fostaithe. Beidh dliteanas fíneála €250,000 ar aon fhostóir a gheofar é nó í ciontach ar díotáil.

Sainmhínítear ‘Ionadaithe fostaithe’ mar:

  • Cheardchumann, cumann foirne nó cuideachta eiscthe lena ndéanann an fostóir an idirbheartaíocht chómhargála, nó
  • Más rud é nach bhfuil a leithéid de cheardchumann, de chumann foirne nó de chuideachta eiscthe ann, duine nó daoine a roghnaigh na fostaithe iad féin iad (de réir socrú a dhéanann an fostóir) chun ionadaíocht a dhéanamh ar an fhoireann in idirbheartaíocht leis an bhfostaí.

Le linn an phróisis faisnéise agus comhairliúcháin, bítear ag súil go gcuirfidh an fostóir an t-eolas seo a leanas do na hionadaithe fostaithe i scríbhinn:
1.       Cúiseanna leis na hiomarcaíochta atá molta:

2.       An líon fostaithe a bhfuiltear faoin tuairim go gcuirfear as post iad, agus cur síos orthu nó catagóirí.

3.       An líon fostaithe a bhfuiltear faoin tuairim go gcuirfear as post iad, agus cur síos orthu nó catagóirí.

4.       An tréimhse thairsti a bhfuil sé molta go gcuirfear na hiomarcaíochtaí i gcrích

5.       Na critéir don roghnúchán d’oibrithe le bheith curtha chun iomarcaíochta

6.       Más rud é go mbeidh íocaíocht ann seachas an íocaíocht iomarcaíochta reachtúil, ní mór an modh chun a leithéid d’íocaíocht a ríomh a bheith leagtha amach.

Caithfidh cóipeanna den fhaisnéis go léir a bhaineann leis an ábhar thuas a thugtar d’ionadaithe na bhfostaithe a bheith curtha ar aghaidh chuig an Aire chomh luath is gur féidir.

Ní féidir aon uile fhógra d’iomarcaíocht a bheith eisithe go dtí ar a laghad 30 lá tar éis don Aire a bheith curtha ar an eolas maidir leis an iomarcaíocht bheartaithe. Ba cheart an fógra sin a bheith curtha chuige trí phost cláraithe nó de láimh. Ba cheart go gcuimseofar san fhógra na nite seo a leanas:

  • Ainm/seoladh an fhostóra, agus ráiteas lena luaitear más cuideachta atá i gceist, nó comhpháirtíocht nó trádálaí aonair.
  • Seoladh an fhorais ina bhfuil na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna beartaithe
  • Líon iomlán na daoine atá fostaithe ann de ghnáth
  • An líon/catagóirí fostaithe a bhfuiltear faoin tuairim go gcuirfear as post iad.
  • An tréimhse thairsti a bhfuil sé molta go gcuirfear na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna i gcrích
  • Na cúiseanna leis na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna atá beartaithe
  • Ainmneacha/seoltaí na gceardchumann/na gcumann foirne a thugann ionadaíocht do na daoine ar a bhfuil toradh ag na hiomarcaíochtaí orthu.
  • Sonraí faoi na comhairliúcháin a rinneadh le gach aon cheardchumann (dáta tosaithe; dul chun cinn déanta etc.)

Ba cheart don fhostóir taifid a choimeád ar feadh 3 bliana. Féadfar don Aire ionchúiseamh a thosú i leith cion laistigh d’aon bhliain amháin ó dháta cion líomhnaithe de réir an Achta.

Leis an Acht um Chaomhnú Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla agus Nithe Gaolmhara), 2007 déantar foráil d’Alt nua, Alt 16(2) a chur isteach san Acht um Chaomhnú Fostaíochta, 1977 chun feidhm a chur le breithiúnas de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Junk in aghaidh Kuhnel - Cás C-188/03). Déanann an fo-alt seo é a chur ina chion d’fhostóir fógra iomarcaíochta a eisiúint d’aon fhostaí le linn na tréimhse 30 lá de chomhairliúchán leis na hionadaithe fostaithe de réir mar a dhéantar foráil dó le hAlt 8(3) d’Acht 1977. Beidh dliteanas fíneála €250,000 ar aon fhostóir a fhaighfear é nó í ciontach ar díotáil i sárú Alt 16(2).

Baineann an tAcht le gach aon duine atá i bhfostaíocht i bhforas a fhostaíonn breis is 20 duine de ghnáth.

Ní bhaineann an tAcht um Chaomhnú Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla agus Nithe Gaolmhara), 2007 le:

  • Fostaithe atá fostaithe faoi conradh téarma sheasta nó le cuspóir sonraithe ach amháin más rud é go dtugtar isteach na hiomarcaíochtaí comhchoiteanna roimh don téarma nó don chuspóir a bheith críochnaithe
  • Fostaithe Stáit seachas gráid tionsclaíoch sonraithe
  • Oifigigh na nÚdarás Áitiúil
  • Mairnéalaigh.

Gearán a dhéanamh maidir le ceisteanna faoin Iomarcaíocht Chomhchoiteann

Is féidir le fostaí, nó ceardchumann, nó cumann foirne nó comhlacht eiscthe thar ceann fostaí, gearán a chur isteach chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre go bhfuil fostóir tar éis Alt 9 nó 10 d’Acht 1977 a shárú maidir le faisnéis agus comhairliúchán fostaithe.

Is féidir gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre trí Fhoirm Ghearáin Ar Líne a chomhlíonadh atá ar fáil ar an leathanach Conas Gearán a dhéanamh/ Aighneas a tharchur ar an suíomh gréasáin seo. Ar fáltas gearán don Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC), seolfaidh an Coimisiún cóip den ghearán don fhostaí. Leis sin, tabharfaidh Oifigeach Féimheachta de chuid an WRC deis do na páirtithe éisteacht a fháil uaidh agus aon fhianaise is iomchuí maidir leis an ngearán a thíolacadh. Eiseoidh an tOifigeach Féimheachta cinneadh scríofa tar éis dó éisteacht a thabhairt do na páirtithe. Tionólfar imeachtaí os comhair Oifigigh Fhéimheachta de chuid an WRC go príobháideach.

Déanfaidh cinneadh an Oifigigh Fhéimheachta ceann amháin nó níos mó de na nite seo a leanas: -
1.       dhearbhú go bhfuil nó, de réir mar atá, nach bhfuil bonn leis an ngearán, 

2.       ceangal a chur ar an bhfostóir chun comhlíonadh le forálacha an Achta, agus, chun na críche sin, gníomh sonraithe a dhéanamh,

3.       cheangal a chur ar an bhfostóir cúiteamh a íoc leis an bhfostaí, ar cúiteamh é de cibé méid (más ann) is cóir agus is cothromasach ag féachaint do na himthosca go léir, ach gan dul thar luach saothair 4 seachtaine i leith fhostaíocht an fhostaí arna ríomh de réir rialachán faoi alt 17 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977.

Caithfidh an gearán don Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre a bheith curtha i láthair laistigh de 6 mhí ón am a tharlaíonn an sárú líomhnaithe lena mbaineanna sé, nó, sa chás go bhfuil an tOifigeach Féimheachta sásta go raibh imthosca eisceachtúla ann a chuir cosc ar an ngearán a bheith curtha i láthair laistigh den tréimhse ama sin, laistigh de 6 mí sa bhreis air sin.

Féadfaidh páirtí lena mbaineann achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Oibreachais in aghaidh breithe ó Oifigeach Féimheachta. Ní mór go ndéanfar an t-achomharc laistigh de 6 mhí ón dáta ar ar chuir an tOifigeach Féimheachta na páirtithe ar a n-eolas maidir leis an gcinneadh. Is féidir achomharc a dhéanamh, trí fhógra i leith an achomhairc a thabhairt i scríbhinn don Chúirt Oibreachais agus cuirfidh an Chúirt sin cóip den fhógra ar aghaidh chuig an bpáirtí leasmhar eile. Tabharfaidh an Chúirt deis do na páirtithe éisteacht a fháil agus aon fhianaise is iomchuí maidir leis an achomharc a thíolacadh. Leis sin, eiseoidh an Chúirt cinneadh scríofa, go féadfar leis cinneadh an Oifigigh Fhéimheachta a dhearbhú, a leasú, nó a chur ar ceal.

Féadfaidh páirtí in imeachtaí os comhair na Cúirte Oibreachais achomharc a dhéanamh chun na hArd- Chúirte i gcoinne cinnidh ón gCúirt Oibreachais ar phonc dlí agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh na hArd-Chúirte.

Sa chás go bhfuil oifigeach ann nach ndearna achomharc ar chinneadh an Oifigigh Fhéimheachta laistigh de 56 lá ón dáta ar ar tugadh an cinneadh scríofa ar fáil do na páirtithe go léir, is féidir don fhostaí gearán a dhéanamh faoi sa Chúirt Dúiche. Ní mór don fhostaí an Chúirt a chur ar an eolas maidir leis an ngearán i scríbhinn. Ina leithéid de chás, tá an Chúirt cumhachtaithe chun Ordú a eisiúint gan an cás a éisteacht den athuair lena n-ordaítear don fhostóir an cinneadh a chur i gcrích de réir a théarmaí.

Is féidir cóipeanna den reachtaíocht ábhartha a fhéachaint nó a íoslódáil ag na naisc thíos -

An tAcht um Chaomhnú Fostaíochta, 1977 (Leagan Comhdhlúite)
An tAcht um Chaomhnú Fostaíochta (Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla agus Nithe Gaolmhara), 2007
Rialacháin faoin Acht um Chaomhnú Fostaíochta, 1977 (Fógra i Leith Comhiomarcaíochtaí Molta), 1977