Skip to main content
AAA

Comhréitigh

Is é aidhm agus misean Sheirbhís Comhréitigh an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre seirbhís comhréitigh neamhchlaonta, tapa agus éifeachtach a sholáthar a fheidhmíonn go dtí caighdeán ard ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha araon.

Is próiseas deonach é comhréiteach ina n-aontaíonn na páirtithe i ndíospóid leas a bhaint as tríú páirtí neodrach agus neamhchlaonta chun cuidiú leo a gcuid aighnis chaidrimh thionsclaíoch a réiteach. Soláthraíonn an Coimisiún seirbhís comhréitigh trí Oifigigh Chaidrimh Thionsclaíocha sa Choimisiún a chur ar fáil chun cathaoirleacht a dhéanamh ar ‘chomhdhálacha comhréitigh’. Tagraítear do na hoifigigh sin uaireanta mar ‘IROanna’ nó ‘Oifigigh Chomhréitigh’. Is éard atá i gceist le comhdhálacha comhréitigh go bunúsach ná síneadh ar an bpróiseas a bhaineann le caibidlíochtaí díreacha, agus bíonn cathaoirleach neamhspleách i láthair chun an plé a stiúradh agus bealaí féideartha socraíochta a iniúchadh ar bhealach neamh-dhochrach. Is faoin duine féin páirt a ghlacadh sa phróiseas comhréitigh, mar atá na torthaí freisin. Ní shroichtear réitigh ach amháin le comhthoil, bíodh sin trí chaibidlíocht agus comhaontuithe arna n-éascú idir na páirtithe iad féin, nó na páirtithe a aontaíonn téarmaí socraíochta a mholann an tOifigeach Comhréitigh.

Caitheann an tOifigeach Comhréitigh go rúnda leis an bhfaisnéis go léir a fhaightear i rith an chomhréitigh.

Is rud neamhfhoirmiúil é an próiseas comhréitigh agus níl aon ghné dleathaíoch ag baint lena chur i gcrích. Is faoi na páirtithe féin ionadaíocht a dhéanamh orthu féin nó ionadaíocht a fháil ó cheardchumainn nó ó eagraíochtaí fostóra. Ní chreideann an Coimisiún go n-éilíonn an próiseas mar atá sé ionadaíocht dhlíthiúil aon pháirtí ag cruinnithe comhréitigh.

I gcás nach réitítear díospóid ag Comhréiteach féadfar an cheist a chur ar aghaidh, ach í a bheith aontaithe ag gach páirtí, chuig éisteacht iomlán den Chúirt Oibreachais lena cinneadh.

Tá trí bhealach ann chun cúnamh a iarraidh ar na Seirbhísí Comhréitigh:

  1. Is féidir scríobh chuig Seirbhísí Comhréitigh, Éascaithe agus Eadrána, An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, Teach Lansdúin, Bóthar Lansdúin, Baile Átha Cliath 4, D04 A3A6. nó
  2. Is féidir an Fhoirm Tarchurtha Comhréitigh ar líne a úsáid nó
  3. Is féidir dul i dteagmháil leis na Seirbhísí Comhréitigh ach ríomhphost a sheoladh chuig conciliation@workplacerelations.ie