Skip to main content
AAA

Réamhrá maidir le hEadráin

Soláthraíonn an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre eadráin do raon úsáideoirí seirbhíse. Foráiltear le headráin agus le seachadadh na headrána sin seirbhís rúnda, gairmiúil, éifeachtúil agus éifeachtach d’fhonn cuidiú le gach páirtí teacht ar chomhaontú atá inghlactha do gach duine nó ar thoradh díospóide nó éilimh lena seachnaítear rannpháirtíocht i bpróiseas breithnithe foirmiúil nó tríú páirtí eile.  

Tá nádúr láidir agus na prionsabail a bhaineann le seachadadh na seirbhíse á dtreorú ag bealach neamhchlaonta agus ag iompar na n-eadránaithe maidir le hábhar agus toradh an phróisis; an t-ómós a léiríonn an t-eadránaí do gach páirtí a bhíonn rannpháirteach sa phróiseas; an chaoi a gcloítear le rúndacht an phróisis agus an chaoi a bhfuil gach páirtí in ann an toradh agus an réiteach a thagann ón bpróiseas a rialú go héifeachtach.  

Soláthraíonn foireann thras-rannach d’oifigigh eadrána gairmiúla oilte an tseirbhís eadrána agus is seirbhís saor in aisce í.  

Soláthraíonn an Coimisiún eadráin mar seo a leanas:

Eadráin i gCearta Fostaíochta/Láimhseáil Éagothrom agus Éilimh Idirdhealaithe

Tugann an tseirbhís eadrána rochtain iomchuí d’fhostaithe ar a seirbhís eadrána i gcúinsí ina lorgaítear cúnamh maidir le héilimh ar sháruithe ar chearta fostaíochta; soláthraíonn sí rochtain freisin ar an bpobal i dtaca le héilimh lena mbaineann láimhseáil éagothrom agus éilimh idirdhealaithe sa státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Féachann an cineál seo eadrána le teacht ar réiteach trí chomhaontú idir na páirtithe, seachas trí imscrúdú nó éisteacht nó cinneadh foirmiúil ina ndéantar gearán foirmiúil a lóisteáil leis an gCoimisiún i gcomhair Breithnithe.

Cén chaoi a bhfaighidh tú rochtain ar Eadráin?

Céim 1: Nuair a bheidh an fhoirm ghearáin ar líne á comhlánú agat, ní mór duit an rogha a phiocadh chun leas a bhaint as an tseirbhís eadrána.

Céim 2:  Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis an bhfreagróir le feiceáil an bhfuil siad toilteanach tabhairt faoi eadráin

Céim 3: Má aontaíonn an dá pháirtí dul i mbun eadrána cinnfidh an Coimisiún ar an gcur chuige a ghlacfar i.e. eadráin teileafóin nó eadráin Duine ar Dhuine.

Céim 4: I gcás eadrána bunaithe ar an teileafón rachaidh an t-eadránaí i dteagmháil leis an ngearánaí agus leis an bhfreagróir. I gcás eadrána duine ar dhuine rachaidh an Coimisiún i dteagmháil leis na páirtithe chun dáta agus ionad a bheidh caoithiúil don dá thaobh a shocrú d’fhonn scruithe cruinnithe a éascú.

Eadráin/Éascú - Saincheisteanna a bhaineann leis an Áit Oibre (go hinmheánach)

Soláthraítear Eadráin/Éascú Áit Oibre ar bhonn ad hoc agus seachadtar é ar bhealach tapa, rúnda agus éifeachtach mar leigheas malartach ar choimhlintí, díospóidí agus easaontuithe san áit oibre.  Tá sé oiriúnach go háirithe do dhíospóidí a bhaineann le daoine aonair nó grúpaí beaga oibrithe a bhíonn ag déileáil le cásanna ina bhféadfadh na rudaí seo a leanas a bheith i gceist:

  • Difríochtaí, coimhlintí idirphearsanta, deacrachtaí oibriú le chéile
  • Cliseadh i gcaidreamh oibre
  • Saincheisteanna a eascraíonn ó nós imeachta gearáin agus disciplíneach (sula mbíonn an cás ina shaincheist disciplíneach go háirithe)
  • Áirítear eadráin mar chéim dheonach i roinnt nósanna imeachta gearáin nó dínite ag an obair agus tá an Coimisiún ainmnithe mar sholáthraí seirbhíse eadrána i roinnt eagraíochtaí. Tá an Coimisiún ar fáil chun socrú den chineál céanna a phlé le comhlachtaí poiblí eile nó le cuideachtaí príobháideacha.

Conas a dhéanaim iarratas ar Eadráin san Áit Oibre?

Ba cheart na hiarratais ar eadráin a dhéanamh ar bhonn comhpháirteach más féidir é. Is é an bealach is fearr a n-oibreoidh an próiseas ná nuair a bheidh fonn ar gach páirtí teacht ar réiteach agus nuair atá sé aontaithe go comhpháirteach acu gurb é an eadráin an bealaí is fearr chun an réiteach sin a bhaint amach. 

Tá trí bhealach ann chun cúnamh a iarraidh ar na Seirbhísí Eadrána san Áit Oibre:

  1. Is féidir scríobh chuig Seirbhísí Comhréitigh, Éascaithe agus Eadrána, An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, Teach Lansdúin, Bóthar Lansdúin, Baile Átha Cliath 4, D04 A3A8. nó
  2. Is féidir an Fhoirm Tarchurtha Eadrána ar líne a úsáid nó
  3. Is féidir dul i dteagmháil leis an bhfoireann seirbhíse eadrána ag mediation@workplacerelations.ie.