Skip to main content
AAA

Seirbhís Faisnéise agus Seirbhís do Chustaiméirí

Tá na Seirbhísí Faisnéise agus Custaiméara, ar ar tugadh Seirbhísí Custaiméara um Chaidreamh san Áit Oibre roimhe seo, freagrach as -

  • faisnéis a bhaineann le cearta fostaíochta, comhionannas agus caidreamh tionsclaíoch trí bhíthin seirbhís glao teileafóin a bhíonn á reáchtáil ag Oifigigh Faisnéise a bhfuil taithí acu
  • leabhráin eolais, bileoga eolais agus litríocht eile a bhaineann le cearta fostaíochta, caidreamh tionsclaíoch agus comhionannas a dhearadh agus a tháirgeadh
  • bainistiú shuíomh gréasáin um Chaidrimh san Áit Oibre 
  • gearáin agus díospóidí den chéad ásc a fháil, a chlárú agus a dheimhniú, agus
  • faisnéis a chur ar fáil do pháirtithe ábhartha maidir le stádas na dtarchur gearáin agus díospóide

Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis na Seirbhísí Faisnéise agus Custaiméara ag

Seirbhís Faisnéise agus Seirbhís do Chustaiméirí
An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre
Bóthar Uí Bhriain
Ceatharlach
R93 E920

Teil: 059 9178990
0818 80 80 90   (09.30 - 17.00, Luan go hAoine)
Facs: 059 9178909