Skip to main content
AAA

Dífhostú

Foráiltear sna hAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 - 2007, go nglacfar leis go raibh gach dífhostú fostaí éagórach mura féidir leis an bhfostóir forais shubstainteacha a thaispeáint a thugann údar leis an dífhostú.

Is é cuspóir na nAchtanna chun fostaithe a chosaint ó dhífhostú éagórach óna bpoist trí chritéir a leagan síos ina ndéanfar breithniú ar dhífhostú agus trí chóras breithnithe agus sásaimh a sholáthar d’fhostaí a ndeimhnítear go raibh a d(h)ífhostú éagórach.

Dífhostú Éagórach

Baineann na hAchtanna le fostaithe os cionn aois 16 bliana a sholáthair seirbhís leanúnach ar a laghad 12 mhí.

Ní bhíonn an riachtanas gur gá seirbhís leanúnach bhliana a sholáthar nuair a dhéantar an dífhostú mar thoradh ar an méid seo a leanas:

  • toircheas an fhostaí, leanbh a thabhairt ar an saol nó cothú cíche nó aon cheist a bhaineann leo
  • feidhmíonn fostaí ceart nó beartaíonn fostaí chun ceart a fheidhmiú faoin Acht um Chosaint Mháithreachais, 1994 agus 2000
  • feidhmíonn fostaí cearta nó beartaíonn fostaí cearta a fheidhmiú i dtaobh saoire uchtaíoch, nó saoire uchtaíoch bhreise faoin Acht um Shaoire Uchtaíoch, 1995 agus 2005
  • feidhmíonn fostaí cearta nó beartaíonn fostaí cearta a fheidhmiú i dtaobh saoire thuismitheoireachta, nó saoire force majeure faoin agus i gcomhréir leis an Acht um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998 agus 2006
  • teidlíochtaí fostaí nó teidlíochtaí fostaí amach anseo, nó má fheidhmíonn fostaí cearta nó má bheartaíonn fostaí cearta a fheidhmiú faoin Acht um Pá Íosta Náisiúnta, 2000
  • ballraíocht nó gníomhaíochtaí ceardchumann fostaí
  • feidhmíonn fostaí ceart nó beartaíonn fostaí ceart a fheidhmiú i dtaobh saoire chúramóra faoin agus i gcomhréir leis an Acht um Shaoire Chúramóra, 2001

Foráiltear sna hAchtanna do roinnt foras faoinar féidir a mheas go bhfuil dífhostú éagórach –

  • Ballraíocht nó ballraíocht bheartaithe cheardchumainn nó tabhairt faoi ghníomhaíochtaí ceardchumainn, cé acu má bhíonn siad laistigh d’amanna ceadaithe i rith oibre nó lasmuigh d’uaireanta oibre
  • Tuairimí reiligiúnacha nó polaitiúla
  • Imeachtaí dlíthiúla in aghaidh fostóra nuair atá fostaí ina p(h)áirtí nó ina f(h)inné
  • Cineál, dath craicinn, gnéaschlaonadh, aois nó ballraíocht de phobal an Lucht Siúil
  • Toircheas, leanbh a thabhairt ar an saol nó cothú cíche nó aon cheisteanna a bhaineann le toircheas nó le breith
  • Cearta a fháil faoin reachtaíocht i leith saoire mháithreachais, saoire uchtaíoch, saoire chúramóra, saoire thuismitheoireachta nó saoire force majeure
  • Roghnú éagórach don iomarcaíocht

Dífhostú Inchiallaithe

Tagann dífhostú inchiallaithe aníos nuair a chuireann tú deireadh le do chonradh fostaíochta, i ndiaidh nó gan fógra roimh ré a thabhairt, mar gheall ar iompar d’fhostóra. Caithfidh go raibh iompar d’fhostóra chomh dona sin go mbeadh sé réasúnta duit deireadh a chur le do chonradh gan fógra a thabhairt.

Má dhéantar thú a dhífhostú, is féidir leat, faoi choinníollacha áirithe, éileamh a dhéanamh ar dhífhostú éagórach in aghaidh d’fhostóra. Má dhéanann tú seo agus má ghlacann d’fhostóir leis go ndearnadh dífhostú, is faoi d’fhostóir a bheidh sé a thaispeáint go raibh forais chóra ann leis an dífhostú. Go ginearálta, meastar go bhfuil dífhostú éagórach mura féidir le d’fhostóir forais shubstainteacha a thaispeáint chun údar a thabhairt leis.

Gearán a Dhéanamh

Nuair a mheasann fostaí gur sháraigh a bhfostóir nó a n-iarfhostóir foráil de na hAchtanna thuas, féadfaidh siad gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre go réiteofar é. Is féidir gearáin a sheoladh ar aghaidh trí úsáid a bhaint as an bhFoirm Ghearáin um Chaidreamh san Áit Oibre, atá ar fáil ar an leathanach Conas Gearán a Dhéanamh/Díospóid a Atreorú ar an láithreán gréasáin seo. Atreorófar gearáin chuig Oifigeach Breithnithe go n-éistfear leo.

Is féidir achomhairc a eascraíonn as cinneadh Oifigeach Breithnithe a achomharc leis an gCúirt Oibreachais. 
Is féidir leat súil a chaitheamh ar an Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977 nó é a íoslódáil ANSEO