Skip to main content
AAA

An dócmhainneacht

Bíonn fostóir dócmhainneach chun críocha na Scéime um Íocaíochtaí Dócmhainneachta más rud é go bhfuil:

  • An gnólacht faoi leachtú
  • An gnólacht faoi glacadóireacht
  • An fostóir ina fhéimheach dlíthiúil
  • An fostóir tar éis dó bás a fháil agus go bhfuiltear ag déanamh a eastát a riar de réir na reachtaíochta oiriúnaí.

Leis an Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta, déantar foráil go n-íocfar amach teidlíochtaí áirithe nár íocadh go dtí sin don fhostaí sa chás go bhfuiltear tar éis deireadh a chur lena fhostaíocht de thoradh ar an bhfostóir a bheith faoi dócmhainneacht.  Bíonn feidhm ag an Scéim le fostaithe a oibríonn in Éirinn sa chás go dtéann a bhfostóir faoi dócmhainneach de réir an dlí i Stát eile de chuid an AE chomh maith.

Ina theannta le riaráistí pá, pá saoire agus pá in ionad fógra reachtúil, clúdaítear raon fairsing de theidlíochtaí leis an Scéim a bhféadfar iad a bheith dlite d’fhostaithe ag an bhfostóir, lena n-áirítear airgead a dhámhadh orthu faoin reachtaíocht maidir le cearta fostaíochta, ó cheisteanna a bhaineann leis an dífhostú éagórach, leis an idirdhealú, leis an am oibre agus leis an íosphá, mar shampla.

Clúdaítear ranníocaíochtaí áirithe gan íoc um scéim pinsin agus um Chuntas Coigiltis Scoir Pinsin (PRSA) leis chomh maith.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais agus treoraíochta ar an Scéim um Íocaíochtaí Dócmhainneachta ar shuíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.