Skip to main content
AAA

An Binse Achomhairc Fostaíochta

Is comhlacht neamhspleách é an Binse Achomhairc Fostaíochta (EAT) atá faoi cheangal gníomhú go breithiúnach. Is ar mhaithe le modhanna córa, neamhchostasacha agus neamhfhoirmiúla a sholáthar do dhaoine aonair chun réitigh a lorg i ndáil le sáruithe líomhnaithe ar a gcearta reachtúla a bunaíodh an comhlacht.

Ó thráth bunaithe an Choimisiúin um Chaidreamh san Ionad Oibre ar an 1 Deireadh Fómhair 2015, ní ghlacann an Binse le héilimh nó achomhairc dhíreacha ag eascairt as moltaí/breitheanna ó Choimisinéirí um Chearta. Tá an Binse fós ag glacadh le hiarratais chun cur chun feidhme/forfheidhmiú mholadh/bhreith Choimisinéir um Chearta a lorg. De réir Acht um Chaidreamh san Áit Oibre 2015, déileálfaidh an Coimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre le gach gearán agus díospóid faoi reachtaíocht fostaíochta, comhionannais agus stádas comhionann tíolactha i ndiaidh an 30 Meán Fómhair, 2015. Beidh gach achomharc tíolactha i ndiaidh an dáta seo le héisteacht ag an gCúirt Oibreachais.

Is ann i gcónaí don Bhinse le déileáil le gearáin agus achomhairc leagáide ach déanfar é a dhíscaoileadh ar a gcomhlánú.

Déileálann an Binse le cásanna faoin reachtaíocht seo a leanas:

  • Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta,
  • na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta,
  • na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach,
  • na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis),
  • na hAchtanna um Íoc Pá,
  • na hAchtanna um Chosaint Mháithreachais,
  • na hAchtanna um Shaoire Uchtaíoch,
  • na hAchtanna um Shaoire Cúramóra,
  • na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí,
  • na hAchtanna um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí,
  • an tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht),
  • Achtanna um Chosaint Tomhaltóirí,
  • na hAchtanna Iomaíochta,
  • na hAchtanna Ceimiceán,
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cosaint Fostaíochta), agus
  • Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Cearta Fostaithe a Chosaint ar Ghnóthais a Aistriú).