Skip to main content
AAA

Maidir le Breithniú

Gearáin

I gcás ina gcreideann duine go ndearnadh sárú ar an reachtaíocht atá liostaithe thíos maidir leis/léi, féadfaidh sé/sí, nó duine a bheidh ag gníomhú ar a shon, gearán a chur isteach chuig Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre. Féadfaidh an tArd-Stiúrthóir, má cheapann sé/sí go bhfuil an cás oiriúnach le réiteach trí bhíthin eadrána, gearán den sórt sin a tharchur chuig Oifigeach Eadrána. Nó, cuirfidh sé/sí an cás ar aghaidh chuig Oifigeach Breithnithe i gcomhair breithniú.

Is iad seo a leanas na codanna sonracha den reachtaíocht faoinar féidir le gearánach gearán a chur isteach -