Skip to main content
AAA

Conas Gearán a Dhéanamh/Díospóid a Chur ar Aghaidh

Féadfar gearáin maidir le sáruithe, agus díospóidí maidir le teidlíochtaí faoi reachtaíocht fostaíochta, comhionannais agus stádas comhionann a chur i láthair/ar aghaidh chuig Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ba cheart an gearán a chur i láthair agus/nó an díospóid a chur ar aghaidh ag úsáid Foirm Ghearáin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Nóta 1 – Ba cheart duit a thabhairt faoi deara go seolfaidh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre cóip den ghearán nó den díospóid chuig an bpáirtí eile (an fostóir nó an soláthraí seirbhíse i gcás inar roghnaigh tú go ndéanfadh Oifigeach Breithnithe an cás a láimhseáil agus déanfar gach comhfhreagras ábhartha a seoladh chuig an gCoimisiún a chóipeáil chuig an bpáirtí eile sa ghearán.

Nóta 2 – Sula ndéantar gearán faoi reachtaíocht Stádas Comhionann a chur i láthair/ar aghaidh, tá ceanglas dlíthiúil ann go ndéanfaí an duine/eagraíocht/chuideachta a bhfuil tú ag smaoineamh ar ghearán a dhéanamh ina gcoinne a chur ar an eolas i scríbhinn maidir leis an ngníomh idirdhealaitheach líomhnaithe. Chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gceanglas maidir le fógra i scríbhinn, féach le do thoil an chuid ‘Gearán a Dhéanamh faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann” ar an leathanach maidir le Stádas Comhionann.

Nóta 3 – Ní mór d’úsáideoirí Google Chrome, Firefox nó Safari na treoracha sa doiciméad gaolmhar seo a chur i gcrích - Fadhbanna Íoslódála a Réiteach- ionas go mbeidh siad in ann feidhmiúlacht iomlán idirghníomhach na foirme a úsáid. (Osclaítear an Doiciméad i bhfuinneog nua)

Nóta 4 – Toisc go n-éilítear Adobe Acrobat Reader i gcomhair Mac nó Windows don fhoirm seo, ní bheidh an fhoirm comhoiriúnach le formhór na bhfearas soghluaiste nó táibléad.

Níor cheart an Fhoirm Ghearáin a úsáid le haghaidh na rudaí seo a leanas:

  • Achomharc a dhéanamh i gcoinne Cinnidh arna dhéanamh ag Oifigeach Breithnithe de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre – féach an píosa ar ‘Achomhairc’ den suíomh gréasáin chun an fhoirm chuí a fháil
  • Díospóid Chomhchoiteann a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Oibreachais nó chuig Seirbhísí Comhréitigh an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre
  • Ag lorg Forfheidhmiú cinnidh arna dhéanamh ar Oifigeach Breithnithe sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre i gcás nár chloígh an fostóir go hiomlán le téarmaí an chinnidh – féach an leathanach ‘Cinntí ar Ghearáin/Díospóidí a Fhorfheidhmiú’
  • Faisnéis a lorg ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit oibre nó ón gCúirt Oibreachais – féach an fhoirm ‘Déan Teagmháil Linn’ ar líne
  • Tarchur a dhéanamh chuig an gCúirt Oibreachais faoi Alt 20(1) nó Alt 20(2) den Acht Caidrimh Thionscail 1969I gcásanna áirithe, féadfaidh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre seirbhís eadrána a thairiscint d’fhonn iarrachtaí ar réiteach na saincheisteanna idir lámha a éascú, gan dul i muinín breithniú foirmiúil. Ní fhéadfar idirghabháil a thairiscint ach amháin nuair a thugann an dá pháirtí toiliú - mura dtarlóidh sé sin cuirfear an gearán nó an díospóid ar aghaidh chuig Oifigeach Breithnithe. Tabhair faoi deara go n-iarrtar ar an bhFoirm Ghearáin ar Ghearánaigh a thabhairt le fios cibé an mbeidís toilteanach leas a bhaint as seirbhísí eadrána chun réiteach an ghearáin/na díospóide a éascú i gcás ina mbeadh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre in ann na seirbhísí sin a thairiscint ina gcás.
  • Tugtar achoimre sa tábla thíos ar na roghanna réitigh/seirbhísí atá ar fáil chun gearáin/díospóidí a láimhseáil. Féadfaidh tú na naisc sa cholún ar thaobh na láimhe clé a úsáid chun féachaint ar bhreis faisnéise.
  • Ach an Gearán/Díospóid a fháil, tabharfaidh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre admháil go bhfuarthas é agus, i gcás na ngearán/ndíospóidí a chaitear a láimhseáil trí bhíthin breithnithe, cuirfidh sé sonraí maidir leis an ngearán ar aghaidh chuig an bhFostóir/bhFreagróir. Cuirfear gearáin/díospóidí a bheidh le himscrúdú trí bhíthin cigireachta agus fiosruithe gaolmhara ar aghaidh chuig Seirbhísí Cigireachta an Choimisiúin.

Rogha/Seirbhís Réitigh(Cliceáil ar rogha chun tuilleadh eolais a fháil)

Sonraí

Oifigeach Breithnithe

I gcás ina ndéantar gearán, nó ina gcuirtear díospóid i láthair, an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre agus nach bhfuil an cheist le himscrúdú ag cigire, is iondúil go gcuirfidh Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre an gearán/díospóid ar aghaidh chuig an Oifigeach Breithnithe lena chinneadh.

Oifigeach Eadrána

Féadfaidh Ard-Stiúrthóir an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, i gcás ina bhfuil sé nó sí den tuairim go bhfuiltear in ann gearán nó díospóid a réiteach gan iad a chur ar aghaidh chuig Oifigeach Breithnithe, an gearán/díospóid a chur ar aghaidh i gcomhair eadrána ag Oifigeach Eadrána. Mar sin féin, ní fhéadfar an gearán/díospóid a chur ar aghaidh i gcomhair eadrána ach amháin nuair atá an dá pháirtí sásta é sin a dhéanamh.

Cigire

Bíonn gearáin/díospóidí áirithe le himscrúdú trí bhíthin cigireachta agus fiosruithe gaolmhara. I gcásanna den sórt sin cuirfear an gearán/díospóid ar aghaidh chuig cigire sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.