Skip to main content
AAA

Saoire Bhliantúil

Tuilleann gach uile fhostaí, is cuma más fostaí lánaimseartha, páirtaimseartha, sealadach nó ócáideach é, teidlíochtaí saoire ón lá a thosaíonn siad ag obair. Bíonn ceithre seachtaine saoire bhliantúil sa bhliain saoire ag an bhformhór d’fhostaithe.

Ba cheart ceann de na modhanna seo a leanas a chur i bhfeidhm chun teidlíocht saoire fostaí a dhéanamh amach, ag brath ar an méid ama atá curtha faoi ag obair:-

1.       4 seachtaine oibre sa bhliain saoire ina n-oibríonn an fostaí ar a laghad 1,365 uair an chloig (seachas gur bliain saoire í ina n-athraíonn sé a phost)

2.       1/3 de sheachtain oibre sa mhí féilire ina n-oibríonn an fostaí i gceist ar a laghad 117 uair

3.       8% de na huaireanta i mbliain saoire a oibríonn an fostaí (ach teoranta d’uasmhéid de 4 seachtaine oibre)

Más rud é go mbaineann aon de na modhanna thuasluaite ag (1), (2) nó (3), beidh teidlíocht ag an bhfostaí do cibé ceann dóibh a thugann an teidlíocht is fearr dó. Mar sin féin, is ionann ceithre seachtaine dá ghnáthsheachtain oibre sa bhliain saoire agus an t-uasteidlíocht saoire bhliantúla reachtúil.

Déanann an fostóir amach cathain is féidir leis an bhfostaí a shaoire bhliantúil a thógáil, agus riachtanais na hoibre agus riachtanais phearsanta curtha in áireamh maidir leis sin, agus ba cheart dó dul i gcomhairle leis, nó leis an gceardchumann oiriúnach, roimh dó amhlaidh a dhéanamh. Caithfidh go n-íoctar an pá roimh ré agus gur ag gnáthráta pá seachtainiúil an fostaí a dhéantar amhlaidh.

Fabhrú Saoire Bhliantúil fad is a bhfuil an fostaí ar Shaoire Bhreoiteachta le Teastas

Ón 1 Lúnasa 2015 amach, is féidir le fostaithe saoire bhliantúil a fhabhrú más as obair ar shaoire bhreoiteachta fhadtréimhseach atá siad. Fágann sé sin -

Go mbíonn teidlíocht saoire bhliantúil ar fhaibhriú le linn na tréimhse den tsaoire bhreoiteachta le teastas.
Beidh feidhm ag tréimhse tabhairt anonn saoire bhliantúil tar éis na bliana saoire i leith na fostaithe sin nach raibh in ann saoire bhliantúil a thógáil mar gheall ar bhreoiteacht le linn don bhliain saoire oiriúnach nó le linn na gnáth-thréimhse tabhairt anonn de 6 mhí.
Ar fhoirceannadh fostaíochta, déanfar íocaíocht in ionad saoire bliantúla fabhraithe in ionad aon saoire nár tógadh í de thoradh breoiteachta i ndálaí ina n-éiríonn an fostaí as a phost le linn tréimhse de 15 mhí ó dheireadh na bliana saoire ina bhfaobhraíodh an teidlíocht saoire reachtúil.

Cuireadh na hathruithe sin i gcrích de réir Alt 86(1) den Acht um Chaidreamh san Áit Oibre, 2015.

Is féidir cóipeanna de na hAchtanna ábhartha a fhéachaint nó a íoslódáil anseo -
An tAcht um Eagrú Ama Oibre, 1997
An tAcht um Chaidreamh san Áit Oibre, 2015

I measc an reachtaíocht eile atá ábhartha, áirítear -
I.R. Uimh 475 de 1997 - Rialacháin um Eagrú Ama Oibre (Cinneadh ar Phá as Saoire), 1997
I.R. Uimh. 338 de 2015 - An tOrdú fán Acht um Chaidreamh san Áit Oibre, 2015 (Tosach Feidhme) 2015