Skip to main content
AAA

Fógra Íosta

Faoi théarmaí na nAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973-2001, caithfidh fostaí nó fostóir a bheartaíonn chun deireadh a chur le conradh fostaíochta fógra íosta ar leith a thabhairt don pháirtí eile.

Fostaithe - Tá oibleagáid ar fhostaithe a bhí fostaithe go leanúnach ar feadh 13 seachtaine, ar a laghad, chun fógra seachtaine a thabhairt dá bhfostóir go gcuirfear deireadh lena bhfostaíocht.  Má shonraítear fógra níos faide a thabhairt i gconradh fostaíochta an fhostaí, caithfear an fógra seo a thabhairt.

Fostóirí - Caithfidh fostóirí fógra a thabhairt d’fhostaithe, a sholáthair seirbhís leanúnach, ag brath ar fhad sheirbhís an fhostaí, mar seo a leanas -

Fógra Riachtanach
Fad na SeirbhíseFógra Íosta
Idir trí seachtaine déag agus dhá bliainSeachtain amháin
Idir dhá agus cúig blianaDhá sheachtain
Idir cúig agus deich mblianaCeithre seachtaine
Idir deich ag cúig bliana déagSé seachtaine
Breis agus cúig bliana déagOcht seachtaine

Seirbhís Leanúnach

Meastar go bhfuil seirbhís fostaí 'leanúnach' murach go ndéantar é/í a dhífhostú nó go bhfágann sé/sí a p(h)ost go saorálach. Ní gnách go n-imríonn stailceanna, leagan as nó frithdhúnadh, ná dífhostú agus athfhostú láithreach ina dhiaidh, tionchar ar leanúnachas seirbhíse. Ní bhriseann aistriú ceirde nó gnólachta ó dhuine amháin go duine eile (Aistriú Gnóthas) leanúnachas seirbhíse, agus sna cásanna siúd, áirítear le seirbhís an fhostaí leis an úinéir nua seirbhís leis an iar-úinéir. Chun críche na nAchtanna seo, áfach, meastar go ndearna fostaí a éilíonn agus a fhaigheann íocaíocht iomarcaíochta maidir le leagan as nó gearr-am a f(h)ostaíocht a fhágáil go saorálach.

Seirbhís a Ríomh

Meastar gurb ionann tréimhsí asláithreachta ón bhfostaíocht mar gheall ar fhónamh leis na hÓglaigh Chúltaca agus tréimhsí seirbhíse. Cuirtear asláithreacht a mhéid le 26 seachtain idir tréimhsí fostaíochta san áireamh mar thréimhsí fostaíochta má bhíonn leagan as, breoiteacht nó gortú mar chúis leo, nó má ghlactar é i ndiaidh comhaontú a dhéanamh leis an bhfostóir. Chomh maith leis sin, cuirtear seachtain, nó cuid de sheachtain, ina raibh fostaí frithdhúnta amach ag a f(h)ostóir, nó nuair a bhíonn an fostaí as láthair óna n-obair mar gheall ar dhíospóid trádála i ngnólacht eile, nuair a bhíonn tréimhsí seirbhíse á ríomh.  Ní chuirtear aon tréimhse san áireamh ina raibh an fostaí as láthair ó obair mar gheall go raibh páirt á ghlacadh aige/aici i stailc a bhaineann leis an ngnólacht ina bhfuil an fostaí fostaithe.

An Ceart chun Fógra a Tharscaoileadh nó Glacadh le Pá in Lieu 

Ní bhíonn aon éifeacht ag aon fhoráil i gconradh fostaíochta do thréimhsí fógra níos giorra ná na tréimhsí íosta a ordaítear sna hAchtanna. Ní chuirtear cosc, áfach, sna hAchtanna, ar fhostóir nó fostaí óna c(h)eart chun fógra nó glacadh le híocaíocht in ionad fógra a tharscaoileadh. Mura n-iarrann an fostóir ar an bhfostaí aon chuid dá bhfógra a oibriú, tá oibleagáid ar an bhfostóir an fostaí a íoc don tréimhse sin.

Mí-Iompar

Ní dhéanann na hAchtanna difear don cheart a bhíonn ag fostóir nó ag fostaí chun deireadh a chur le conradh fostaíochta gan fhógra mar gheall ar mhí-iompar an pháirtí eile.

Gearán a Dhéanamh

Nuair a mheasann fostaí gur sháraigh a bhfostóir nó a n-iarfhostóir foráil de na hAchtanna thuas, féadfaidh siad gearán a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre go réiteofar é. Is féidir gearáin a sheoladh ar aghaidh trí úsáid a bhaint as an bhFoirm Ghearáin um Chaidreamh san Áit Oibre, atá ar fáil ar an leathanach Conas Gearán a Dhéanamh/Díospóid a Atreorú. Déanfar breithniú ar ghearáin agus féadtar iad a atreorú chuig Oifigeach Idirghabhála (faoi réir chomhaontú an dá pháirtí), a dhéanfaidh iarracht chun comhaontú a bhaint amach gan tabhairt faoi phróiseas foirmiúil éisteachta, nó atreorú chuig Oifigeach Breithnithe d’Éisteacht.

Is féidir achomhairc a eascraíonn as cinneadh Oifigeach Breithnithe a achomharc leis an gCúirt Oibreachais. 

Is féidir cóip d’Acht 1973 a léamh nó a íoslódáil anseo – An tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973