Skip to main content
AAA

Seirbhís Chomhairleach

Cuireann Seirbhís Chomhairleach an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre dea-chleachtas chun cinn san áit oibre trí chúnamh agus chomhairle a thabhairt d’eagraíochtaí i ngach gné den chaidreamh tionsclaíoch san áit oibre.   Oibríonn sí le fostóirí, le fostaithe agus lena gcuid ionadaithe chun cabhrú leo cleachtais, nósanna imeachta agus struchtúir éifeachtacha a fhorbairt i gcaidreamh tionsclaíoch. D’fhéadfaí a áireamh le cúnamh den sórt sin athbhreithniú nó forbairt a dhéanamh ar nósanna imeachta éifeachtacha san áit oibre, i réimsí cosúil le gearáin, disciplín, cumarsáid agus comhairliúchán. 

Éascaítear leis fóraim bhainistíochta chomhpháirteacha i measc na foirne chun oibriú trí cheisteanna atá ag déanamh imní don fhoireann uile; mar shampla, athrú san áit oibre nó saincheisteanna achrannacha a bhaineann le caidreamh tionsclaíoch. 

Cuireann sí ceardlanna oiliúna dea-chleachtais ar fáil ar ghnéithe éagsúla den chaidreamh fostaíochta lena n-áirítear feidhmiú nósanna imeachta san áit oibre agus, trí phróiseas éascaitheach, cuidíonn sí le heagraíochtaí iad a chur i bhfeidhm. Ina theannta sin, déanann an tSeirbhís Chomhairleach coimisiúnú ar thaighde ar théamaí reatha i gcaidreamh tionsclaíoch agus foilsíonn sí an taighde sin.  Éascaíonn an tSeirbhís Chomhairleach nós imeachta freisin chun cuidiú le hionadaithe bainistíochta agus fostaithe díospóidí a réiteach i gcásanna nach bhfuil socruithe caibidlíochta i bhfeidhm agus i gcás ina dteipeann ar chómhargáil. 

Tá baill foirne na Seirbhíse Comhairlí neamhspleách, neamhchlaonta agus tá taithí acu i gcleachtas agus teoiric a bhaineann le caidreamh tionsclaíoch. Agus plé á dhéanamh leis na páirtithe lena mbaineann, leagfaidh ball ainmnithe den fhoireann Chomhairleach cúnamh amach chun freastal ar riachtanais na n-eagraíochtaí nó na ngnólachtaí aonair, bídís beag nó mór. Is cúnamh faoi rún é an cúnamh sin a thugtar do na páirtithe agus níl aon chostas i gceist leis.

Féadfar iarratais ar chúnamh Díospóidí na Seirbhíse Comhairlí a dhéanamh ach dul i dteagmháil leis an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.