Skip to main content
AAA

Oiliúint

Tairgeann an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre oiliúint ar ghnéithe éagsúla den chaidreamh fostaíochta, lena n-áirítear nósanna imeachta san áit oibre, cumarsáid, an próiseas eadrána, dínit san áit oibre agus coinbhleacht a láimhseáil.

Déantar oiliúint a shaincheapadh de réir riachtanais na n-áiteanna oibre aonair.

Cuirtear an oiliúint ar fáil in aisce agus ar an láthair in eagraíochtaí éagsúla ar fud na tire.

Seachadtar cláir ar bhonn aonuaire nó mar mhodúl i gcláir oiliúna na heagraíochta féin. Déantar cláir aonair:

  • A fhorbairt chun go n-oirfidh siad do na riachtanais ar leith i ngach eagraíocht agus chun freastal ar na socruithe gearáin/disciplíneacha/agóide atá i bhfeidhm
  • A dhearadh chun freastal ar na riachtanais atá ag bainisteoirí túslíne a dteastaíonn sárscileanna bainistíochta uathu ina ról agus tuiscint mhaith ar chosc a chur ar coinbhleacht san áit oibre agus ar bhealaí chun díospóidí a réiteach
  • A dhearadh chun freastal ar na riachtanais atá ag fostaithe agus ionadaithe fostaithe a gcaithfidh tuiscint mhaith a bheith acu ar chosc a chur ar choinbhleacht san áit oibre agus ar bhealaí chun díospóidí a réiteach

Féadfaidh tú dul i dteagmháil le seirbhís chomhairleach an Choimisiúin ag advisory@workplacerelations.ie