Skip to main content
AAA

Fógra um Íocaíocht Shocraithe

I gcás ina bhfuil forais réasúnacha ag Cigire um Chaidreamh san Áit Oibre a chreidiúint go ndearna duine cion faoi reachtaíocht shonraithe ar leith (féach thíos), féadfaidh sé/sí Fógra um Íocaíocht Shocraithe a thabhairt don duine sin ina luafar -

  • go líomhnaítear go ndearna an duine an cion sin,
  • féadfaidh an duine, taobh istigh de 42 lá ó dháta an fhógra, an tsuim ordaithe a íoc, agus an fógra ag gabháil leis, leis an gCoimisiún
  • níl sé de dhualgas ar an duine an íocaíocht shonraithe a dhéanamh
  • ní chuirfear aon ionchúiseamh maidir leis an gcion(cionta) líomhnaithe ar bun má dhéantar an íocaíocht i rith na tréimhse 42 lá

D’fhéadfadh cionta faoi na píosaí reachtaíochta seo a leanas fógra um íocaíocht shocraithe a spreagadh -

  • Alt 11 den Acht um Chaomhnú Fostaíochta 1977 (is é €2,000 an tsuim íocaíochta socraithe)
  • Alt 4(4) den Acht um Íoc Pá, 1991 (is é €1,500 an tsuim íocaíochta socraithe)
  • Alt 23 den Acht um Pá Íosta Náisiúnta 2000 (is é €1,500 an tsuim íocaíochta socraithe)

Duine a fhaigheann Fógra um Íocaíocht Shocraithe, féadfaidh sé/sí laistigh de 42 lá ó dháta an Fhógra, íocaíocht a dhéanamh leis an gCoimisiún den tsuim atá sonraithe san Fhógra. Má dhéantar an íocaíocht laistigh den tréimhse reachtúil 42 lá, ní chuirfear aon ionchúiseamh ar bun i gcoinne duine den sórt sin.

Má mhainnítear íocaíocht a dhéanamh i gcoinne Fógra um Íocaíocht Shocraithe cuirfidh sé faoi deara don Choimisiún Ionchúiseamh a thionscnamh sna Cúirteanna.