Skip to main content
AAA

Maidir leis an gCigireacht

Is é an tArd-Stiúrthóir a cheapann Cigirí an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre, le toiliú an Aire, agus cuireann siad cumhachtaí i gcrích de réir mar a bhronntar orthu leis an Acht um Chaidreamh san Áit Oibre, 2015.

Tugann cigirí cuairt ar áiteanna fostaíochta agus déanann siad cigireachtaí thar ceann an Choimisiúin d’fhonn a chinntiú go bhfuiltear ag comhlíonadh reachtaíocht chomhionannais agus reachtaíocht a bhaineann le fostaíocht. In imthosca áirithe, d’fhéadfadh an Chúirt Oibreachais iarraidh go ndéanfadh cigire imscrúduithe ar a son. In imscrúduithe den sórt sin, déantar leabhair, taifid agus doiciméid a bhaineann leis an bhfostaíocht a imscrúdú, agus bíonn agallaimh ar siúl le fostaithe agus le fostóirí reatha agus iarfhostaithe agus iarfhostóirí. D’fhéadfadh rudaí eile a bheith i gceist san imscrúdú freisin.

Tá na cumhachtaí seo a leanas ag Cigirí, tríd is tríd:

  • dul isteach ag gach tráth réasúnach in aon áit nó obair nó áitreabh ina bhfuil forais réasúnacha aige/aici a chreidiúint go bhfuiltear ag úsáid na háite nó na hoibre nó an áitribh chun daoine a fhostú, nó ag a gcreideann sé/sí a choimeádtar doiciméid a bhaineann le fostú daoine,
  • ag áitreabh den sórt sin chun cóipeanna, d’aon leabhair, doiciméid nó taifid a iniúchadh agus a ghlacadh
  • aon leabhair, doiciméid nó taifid den sórt sin a bhaint amach agus iad a choimeád ar feadh tréimhse a cheapfaidh an cigire atá riachtanach chun críocha a chuid/cuid feidhmeanna faoin Acht um Chaidreamh san Áit Oibre, 2015
  • iarraidh ar aon duine ag an áit oibre nó ag an áitreabh faisnéis nó cúnamh a thabhairt dó a bheidh ag teastáil go réasúnta ón gcigire ar mhaithe lena chuid feidhmeanna faoin Acht,
  • iarraidh ar aon duine ag an áit oibre nó ag an áitreabh leabhair, taifid nó doiciméid den sórt sin a tháirgeadh de réir mar a cheapfaidh an cigire riachtanach chun críocha a chuid/cuid feidhmeanna faoin Acht,
  • scrúdú a dhéanamh ar aon duine a chreideann sé/sí a bheith nó a bhí mar fhostóir nó fostaí, agus iarraidh ar dhuine den sórt sin ceisteanna a fhiafróidh an cigire agus a bhaineann leis an bhfostaíocht a fhreagairt, agus dearbhú a dhéanamh maidir le fírinne na bhfreagraí sin.Aon duine a chuireann bac nó a chuireann isteach ar, nó a choisceann ar shlí eile, cigire nó ball den Gharda Síochána le linn dó/di a bheith ag cur cumhachta a bhronntar air/uirthi leis an Acht i gcrích, beidh sé/sí ciontach i gcion. Ar an gcaoi chéanna, duine a mhainníonn nó a dhiúltaíonn cloí le hiarratas nó ceanglas, nó a mhainníonn freagra a thabhairt ar cheisteanna a chuireann, an cigire nó ball den Gharda Síochána, nó a thugann faisnéis bhréagach nó mhíthreorach dó/di, beidh sé/sí ciontach as cion.
  • I gcás go bhfaightear amach gur sáraíodh an reachtaíocht, féadfaidh Cigire, ag brath ar an bpíosa reachtaíochta lena mbaineann, Fógra um Chomhlíonadh nó Fógra um Íocaíocht Shocraithe a eisiúint chuig fostóir. Tá tuilleadh eolais maidir le gach ceann de na Fógraí sin ar fáil ar na naisc thíos.
  • Féadfaidh Cigirí eile ón gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ó na Coimisinéirí Ioncaim nó baill den Gharda Síochána a bheith i dteannta cigire anois is arís.