Skip to main content
AAA

Cinntí a Fhorfheidhmiú

Má theipeann ar Fhostóir/Freagróir (an Fostóir) cinneadh a rinne Oifigeach Breithnithe de chuid an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre a chur i gcrích, nó cinneadh na Cúirte Oibreachais a d’eascair as achomharc ar chinneadh Oifigigh Bhreithnithe, laistigh den tréimhse forordaithe, féadfar iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche ar ordú ag ordú don Fhostóir an cinneadh a chur i gcrích. Féadfaidh na daoine/dreamanna seo a leanas an t-iarratas a dhéanamh:

  • An Fostóir/Gearánach (nó ionadaí dlíthiúil thar a gceann)
  • Ceardchumann, le toiliú fostaí, nó
  • Comhlacht eiscthe ar ball de an fostaí/gearánach.

I gcás chinneadh Oifigigh Bhreithnithe, is féidir an t-iarratas chuig an gCúirt Dúiche a dhéanamh tar éis tréimhse 56 lá a bheith imithe thart ón dáta ar eisíodh an cinneadh chuig na páirtithe. Ní mór do thréimhse 42 lá a bheith imithe ón dáta ar eisíodh cinneadh na Cúirte Oibreachais do na páirtithe sular féidir an t-iarratas a dhéanamh i dtaca leis an gcinneadh sin.

Ní mór an t-iarratas a dhéanamh chuig breitheamh Cúirt Dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhFostóir/bhFreagróir. Tá liosta de na hOifigí Cúirt Dúiche go léir ar fáil ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna faoi ‘Déan teagmháil linn’ ag

Tá lánrogha ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, agus aird ar acmhainní, an acmhainn atá ar fáil, an costas agus imthosca faoi leith an cháis, glacadh le héileamh chun iarratas a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche thar ceann an Fhostaí/Ghearánaigh. Agus an lánrogha sin á cur i gcrích ní mór aird a thabhairt ar na cúinsí atá leagtha síos sna Critéir um Fhorfheidhmiú atá sna Nótaí Treorach a ghabhann leis an bhFoirm Iarratais chun iarrataí den sórt sin a dhéanamh.

Má cheapann tú go sásaíonn tú na critéir sin ba cheart duit d’iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, Seirbhísí Forfheidhmithe, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach ag úsáid na Foirme thíos. Déanfar machnamh ar an iarratas ansin i bhfianaise na faisnéise atá tugtha ar an bhfoirm agus na gcritéar dá dtagraítear thuas. Toisc go mb’fhéidir nach mbeadh an Coimisiún in ann an t-iarratas a dhéanamh ar do shon, ní hé sin le rá nach bhféadfá féin an t-iarratas a dhéanamh, nó do cheardchumann, nó comhlacht eiscthe eile a bhfuil tú mar bhall de

Cinntí/Moltaí a eascraíonn ó Ghearáin a cuireadh i láthair roimh an 1 Deireadh Fómhair 2015 a fhorfheidhmiú

Tá forfheidhmiú na ngearán nó na ndíospóidí a cuireadh i láthair nó ar aghaidh chuig Coimisinéir um Chearta, an Binse Achomhairc Fostaíochta nó an Binse Comhionannais roimh an 1 Deireadh Fómhair 2015, á rialú ag an dlí a bhí i bhfeidhm roimh thosach feidhme an Achta um Chaidreamh san Áit Oibre 2015. Ag brath ar an réimse reachtaíochta faoinar cuireadh an gearán i láthair, dearbhaíonn an Binse Achomhairc Fostaíochta nó an Chúirt Oibreachais, ar iarratas ón bhfostaí, an cinneadh bunaidh. Tá na foirmeacha a bheidh le húsáid i dtaca le hiarratais den sórt sin chuig an gCúirt Oibreachais nó an Binse Achomhairc Fostaíochta ar fáil sa rannán dar teideal Gearáin, Achomhairc agus Forfheidhmiú den leathanach Foilseacháin.