Skip to main content
AAA

Ceadanna Fostaíochta

Ach amháin i gcásanna sonracha áirithe, éilíonn náisiúnaigh neamh-LEE, cead fostaíochta chun fostaíocht a ghlacadh in Éirinn. Cuimsíonn an LEE (Limistéar Eorpach Eacnamaíoch) Ballstáit an Aontais Eorpaigh mar aon leis an Íoslainn, an Iorua agus Lichtinstéin.

Is féidir don dá, an fostóir agus an fostaí, bheith ciontach i gcion faoi na 'Employment Permits Acts 2003 & 2006', má tá náisiúnach neamh-LEE fostaithe agus nach bhfuil cead fostaíochta iomchuí aige/aici.

Is féidir le sealbhóirí cead fostaíochta obair ach amháin don fhostóir agus sa ghairm ainmnithe ar an gcead. Má scoireann an sealbhóir Ceada Fostaíochta a bheith ar fostú ag an bhfostóir ainmnithe ar an gcead le linn na tréimhse bailíochta an cheada, ar chúis ar bith, ní mór an cead bunaidh agus an chóip dheimhnithe a chur ar ais láithreach chuig an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíocht.

Tá an eisiúint agus riarachán um Cheadanna Fostaíochta ar son an Stáit á láimhseáil ag an Rannóg na gCeadanna Fostaíochta na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta óna noifigí ag Teach Davitt, 65A Bóthar Adelaide, Baile Átha Cliath 2.

Tá eolas iomlán breise i ndáil le Cheadanna Fostaíochta (riachtanais cead, conas iarratas a dhéanamh, táillí, srl,) ar fáil ar Rannóg na gCeadanna Fostaíochta ar shuíomh idirlín na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta.