Skip to main content
AAA

Tuarascáil Bhliantúil 2022 foilsithe ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

09 Bealtaine 2023

D'fhoilsigh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (WRC) a Thuarascáil Bhliantúil do 2022 inniu.

Chuir an tUasal Neale Richmond T.D., an tAire Stáit do Ghnóthaí Fostaíochta agus Gnó Miondíola, fáilte roimh an Tuarascáil go ndúirt, "Bliain an-rathúil a bhí ann anuraidh don WRC.Thionóil an tSeirbhís Bhreithnithe 4,253 éisteacht in 2022, méadú de 28% i gcomparáid le 3,320 éisteacht in 2021. Ina theannta sin, rinneadh beagnach 6,000 cuairt chigireachta agus i mí na Nollag amháin tharla beagnach 700 cuairt chun a chinntiú go raibh fostóirí agus fostaithe ar an eolas faoina raibh le déanamh faoin Acht um Íoc Pá (Séisíní agus Aiscí), a thosaigh an mhí sin."

Chuir an tAire Richmond in iúl gur éirig leis an WRC pá neamhíoctha a fháil ar ais d’oibrithe, “De réir mar a leanann an geilleagar ag fás agus fostaíocht iomlán á coinneáil againn agus breis agus 2.57 milliún duine fostaithe in Éirinn, ní mór dúinn a chinntiú go gcoinnítear cearta oibrithe. D’éirigh leis an WRC €1.4 milliún de phá neamhíoctha a fháil ar ais in 2022 agus ról ríthábhachtach á imirt aige maidir leis seo”

Thug an tAire Richmond ómós don iar-Ard-Stiúrthóir, Liam Kelly, a d'éirigh as i Márta 2023 agus d'admhaigh sé gur chuir seisean go mór leis an WRC le linn a théarma oifige agus ghuigh sé gach rath air agus é ag dul ar scor.

Dúirt an Dr. David Begg, Cathaoirleach Bhord an WRC " Is i mbun ghnó an chaidrimh a bhíonn an WRC. Go sonrach, déanaimid iarracht fadhbanna a réiteach ar bhealach a chaomhnaíonn caidreamh dearfacha idir fostóirí agus fostaithe san ionad oibre. Is é sin an fáth gur riachtanas ríthábhachtach a bhí ann rannpháirtíocht duine le duine a athbhunú díreach i ndiaidh na paindéime agus baineadh sin amach in 2022 é."

Dúirt In. Anna Perry, Ard-Stiúrthóir gníomhach an WRC, "Ba í 2022 an bhliain inar thug an WRC níos mó faoina shamhail seachadta seirbhíse réamh-COVID i dtéarmaí rannpháirtíochtaí duine le duine, rud a chuir na páirtithe leasmhara go léir fáilte mhór roimhe. Bliain dhúshlánach a bhí inti agus éachtaí suntasacha déanta. Bhí obair chrua agus tiomantas na foirne le bliain anuas ríthábhachtach agus is é sin a chuir ar ár gcumas an t-éileamh a bhainistiú agus an leibhéal aschuir seo a sheachadadh."

Mar fhocal scoir, d'aithin sí ról a réamhtheachtaí, Liam Kelly, agus ghabh sí buíochas leis an Aire, an Roinn agus páirtithe leasmhara an WRC as a dtacaíocht le linn na tréimhse.

Aonad Faisnéise agus Seirbhísí do Chustaiméirí an WRC:

Dhéileáil líne faisnéise an WRC le beagnach 60,000 glao in 2022. Is méadú é sin ar 2019 nuair a dhéileáil an WRC le 55,000 glao roimh an bpaindéim.

Láimhseáil láithreán gréasáin WRC os cionn ceithre mhilliún amas, méadú 23% ar 2021.

Rannán Cigireachta WRC:

In 2022, d’aisghabh Cigireacht an WRC €1.4 milliún i bpá neamhíoctha

d'fhostaithe agus thug siad faoi 5,820 cuairt chigireachta thar an tréimhse sin. Le linn

na gcuairteanna cigireachta sin, aimsíodh os cionn 5,700 sárú shonracha ar an reachtaíocht.

Seirbhísí Moltóireachta, Idir-réitigh agus Idirghabhála:

Le linn 2022, tháinig méadú beagnach 30% ar líon na n-éisteachtaí a tionóladh, agus ar chinntí a d'eisigh Seirbhís Breithnithe an WRC agus, tháinig laghdú suntasach le linn 2022 ar an tionchar a bhí ag Covid 19 ar sceidealú cásanna agus ar bhreithiúnas na Cúirte Uachtaraí in 2021.  Réitigh Seirbhís Comhréitigh WRC, atá lárnach i ndea-chaidreamh a choinneáil san ionad oibre agus díospóidí a réiteach go héifeachtach, réitigh sí 88% de na díospóidí sin a ndearna sí comhréiteach ina leith le linn 2022. D'éascaigh an tSeirbhís Comhréitigh plé freisin as ar cuireadh síneadh leis an gcomhaontú seirbhís phoiblí ‘Móiminteam Tógála’.

Ar an iomlán, in 2022 bhí méadú 30% ar na páirtithe a bhí sásta dul i mbun idirghabhála. Leathnaigh an Coimisiún a shamhail seirbhíse chun idirghabháil a sheachadadh go pearsanta i ngearáin faoi dhífhostú éagórach de réir réamhshocraithe. Chuir an Coimisiún tús freisin le seirbhís idirghabhála phíolótach 'iarratas déanach' 6 mhí.

Deirtear sa Tuarascáil freisin:

Osclaíodh oifig réigiúnach nua an Deiscirt i gcathair Chorcaí, áit a bhfuil an tsraith iomlán de sheirbhísí WRC ar fáil do chliaint sa réigiún. Is iad an cúig oifig réigiúnacha i gCeatharlach, Corcaigh, Baile Átha Cliath, Inis agus Sligeach an lorg náisiúnta atá ag an WRC anois.

Forbraíodh agus cuireadh i bhfeidhm córas nua bainistíochta cásanna do Sheirbhísí Comhréitigh.

Tá Tuarascáil Bhliantúil 2022 an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre ar fáil ag an nasc seo a leanas: Leagan Béarla - Leagan Gaeilge 

A graphic showing a summary of WRC Key indicators in 2022, this information is available in the PDF of the Annual Report at the bottom of this page.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Bunaíodh an Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre (CCÁO) ar an 1 Deireadh Fómhair 2015. Is iad na príomhfheidhmeanna atá ag an CCÁO

  • Feabhsú an chaidrimh san ionad oibre a chur chun cinn, agus dea-chaidreamh san ionad oibre a chothabháil,
  • Comhlíonadh na reachtaíochta fostaíochta ábhartha a chur chun cinn agus a spreagadh,
  • Treoir a sholáthar maidir le comhlíonadh na gCód Cleachtais,
  • Athbhreithnithe a dhéanamh ar chaidreamh san ionad oibre ar bhonn ginearálta agus monatóireacht a dhéanamh orthu,
  • Taighde ábhartha a dhéanamh nó a choimisiúnú agus comhairle, faisnéis agus torthaí taighde a sholáthar do Chomhchoistí Saothair agus do Chomhchomhairlí Tionscail,
  • Comhairle a chur ar an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta maidir le cur i bhfeidhm na reachtaíochta ábhartha agus comhlíonadh na reachtaíochta sin, agus
  • Faisnéis a sholáthar don phobal maidir le reachtaíocht fostaíochta (seachas an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta).

Tá cúig oifig réigiúnacha ag an CCÁO; Baile Átha Cliath, Ceatharlach, Corcaigh, Inis agus Sligeach agus tá foireann de bheagáinín os cionn 200 státseirbhíseach ann agus cuireann 40 Oifigeach Breithnithe eile atá ar conradh leis an obair chun cuidiú leis an tSeirbhís Breithniúcháin ar bhonn cás ar chás.  Tá ról ríthábhachtach ag an eagraíocht i sochaí na hÉireann agus sa gheilleagar i gcoitinne.

Is é an misean atá aige seirbhís ardchaighdeáin do chustaiméirí a sholáthar ar fud na hÉireann; seirbhís atá

  • gasta soláimhsithe neamhspleách éifeachtach neamhchlaonta agus cost-éifeachtach.
  • Soláthraíonn an CCÁO modhanna éagsúla chun díospóidí a réiteach, sásamh a bhaint amach agus forghníomhú éifeachtach a dhéanamh, agus
  • feabhsaíonn sé caidreamh san ionad oibre, agus déantar é seo go léir saor ó tháille.