Skip to main content
AAA

Seirbhís Chomhlíonta agus Cigireachta

Tá cumhachtaí go ginearálta faoi reachtaíocht fostaíochta ag Cigirí nó Oifigigh Údaraithe an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, chun cigireachtaí comhlíonta agus fiosrúcháin, a bhaineann leis an reachtaíocht sin, a chur i gcrích. Ta na cumhachtaí sonracha seo a leanas leagtha amach sa reachtaíocht:

Sanntar Cigirí nó Oifigigh Údaraithe don Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (NERA), a bhunaíodh ar bhonn neamh-reachtúil i 2007. Faoin gClár Athchóirithe um Chaidreamh san Ionad Oibre a d'fhógair Richard Bruton, an tAire Post, Fiontar agus Nuálaíochta i mí Iúil, 2011, beidh na seirbhísí comhlíonta / cigireachta á sholáthar ag an gCoimisiún um Chaidreamh san Ionad Oibre atá beartaithe.

Go ginearálta tá na cumhachtaí seo a leanas ag na Cigirí/Oifigigh Údaraithe faoin reachtaíocht thuas:

  • Chun dul isteach in aon áitreabh ag am réasúnta
  • Chun radharc na taifid a éileamh
  • Chun taifid a iniúchadh
  • Chun cóipeanna de thaifid a ghlacadh
  • Chun agallamh a dhéanamh agus eolas riachtanach a fháil ó daoine ábhartha

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an bpróiseas Cigireachta a fháil sa rannóg 'Cigireachta (An tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta)' ar an leathanach 'Éisteachtaí agus Cinntí maidir le Gearáin/Díospóidí'.