Skip to main content
AAA

Fostú Leanaí agus Daoine Óga

Sé an 'Protection of Young Persons (Employment) Act, 1996'  a leagann amach rialuithe a rialaíonn fostaíocht leanaí agus daoine óga.

Sainmhíníonn an tAcht leanbh mar "duine atá faoi bhun 16 bliana d'aois nó an aois chun an scoil a fhágáil, cibé acu is mó"; agus tugtar sainmhíniú ar an duine óg mar "duine a bhfuil bainte amach 16 bliain d'aois nó aois chun an scoil a fhágáil (cibé acu is airde) ach atá faoi 18 mbliana d'aois ".

Go ginearálta, cuireann an tAcht cosc ​​ar fostú leanaí faoi bhun 16 bliana d'aois. Is féidir le fostóirí, áfach, páistí 14 agus 15 bliain d'aois a fhostú, ar obair éadrom -

  • le linn na laethanta saoire scoile, ar choinníoll go bhfuil sos de thrí seachtaine ar a laghad ón obair i rith an tsamhraidh,
  • páirtaimseartha le linn an téarma scoile (os cionn 15 bliain d'aois amháin, agus ar feadh uasmhéid de 8 uair an chloig sa tseachtain),
  • mar chuid de thaithí oibre ceadaithe nó clár oideachais, i gcás nach bhfuil an obair dochrach dá sábháilteacht, sláinte nó forbartha.

Is féidir le páistí (i.e. faoi 16 bliana d'aois) a úsáid freisin san obair spóirt, cultúrtha, ealaíonta, nó fógraíochta, nach chuireann isteach ar a bhfreastal ar scoil, gairmthreoir nó cláir oiliúna nó do chumas chun leas a bhaint as an teagasc faighte.

Chomh maith leis na gnáth Taifid Reachtúla is mór do fostóirí a choimeád, ní mór na taifid seo a leanas a choimeád i gcóir leanaí agus daoine óga atá fostaithe acu -

  • ainm iomlán
  • data breithe
  • am a thosaíonn obair gach lá
  • am a chríochnaíonn obair gach lá
  • ráta pá nó tuarastail a íoctar in aghaidh an lae, na seachtaine, míosa nó bliana, mar is cuí 
  • méid iomlán na pá nó tuarastail a íoctar le gach duine

Ina theannta sin, sula fhostú le duine éigin faoi 16 bliana d'aois, ní mór do fostóir cóip de theastas breithe an linbh a fheiceáil agus cead a fháil i scríbhinn ó thuismitheoir nó caomhnóir a fháil.

Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach an t-eolas atá ar fáil ar na táib thíos.

 

Uaireanta Oibre

Tá daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois teoranta do na huaireanta oibre seo a leanas –

Uasmhéid Uaireanta Oibre Seachtainiúil
14 Bliain d'Aois15 Bliain d'Aois
Am TéarmaTada8 uair an chloig
Obair sna Laethanta Saoire35 uair an chloig35 uair an chloig
Ar Thaithí Oibre40 uair an chloig40 uair an chloig

Uaireanta Oibre Ceadaithe
Faoi ​​16 bliana d'aois16 & 17 bliain d'aois

Go Luath ar Maidin

Tar éis 8.00 a.m.Tar éis 6.00 a.m.
Obair Oíche - le scoil an mhaidin dár gcionnSuas go dtí 8.00 i.n.Suas go dtí 10.00 i.n.
Obair Oíche - gan aon scoil mhaidin dár gcionn (m.sh. laethanta saoire, deireadh seachtaine)Suas go dtí 8.00 i.n.Suas go dtí 11.00 i.n. (agus ní roimh 7.00 an mhaidin dar gcionn)
Tabhair faoi deara - éilíonn obair tar éis 22:00 ceadú ón Aire le rialachán. Tá Rialacháin shonracha déanta do Áitribh Cheadúnaithe - déan teagmháil Rannóg Sheirbhísí do Chustaiméirí um Caidreamh san Ionad Oibre (1890 80 80 90) le haghaidh tuilleadh sonraí. Féach freisin an 'Code of Practice Concerning the Employment of Young Persons in Licensed Premises'

Sosanna Scíthe
Faoi ​​16 bliana d'aois16 & 17 bliain d'aois
30 nóiméad sos tar éis bheith ag obair4 uaire4½ uaire
Gach 24 uair an chloigSos de 14 uair an chloigSos de 12 uair an chloig
Gach 7 lá2 lá saor2 lá saor

Rátaí Pá

I gcás na tionscail lena mbaineann an 'National Minimum Wage Act, 2000', is é an ráta pá don fostaí atá faoi ocht mbliana déag d'aois faoi láthair €6.06 in aghaidh na huaire.

Le haghaidh tuilleadh eolais, is féidir leat a íoslódáil an Guide to the Protection of Young Persons (Employment) Act, 1996.

Chomh maith leis na taifid sonracha atá luaite thuas, ní mór d'fhostóirí daoine faoi bhun 18 mbliana d'aois, Póstaer a thaispeáint a thugann cuntas ar chearta an duine óg, i réimse inar féidir é a rochtain go héasca agus é a léamh ag gach ball foirne. Is féidir cóip den phóstaer a íoslódáil anseo – PYP Poster – nó a fháil ó Workplace Relations Customer Services, Department of Jobs, Enterprise & Innovation, O’Brien Road, Carlow.

Caithfidh fostóir ar mian leis leanbh a fhostú in obair cultúrtha, spóirt, ealaíonta, nó fógraíochta, cead a fháil trí cheadúnas arna eisiúint thar ceann an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta. De ghnáth, bheadh ​​iarratais ar cheadúnais a dhéanamh i ndáil le scannán nó fógraí teilifíse a cheanglaíonn ar an láthair linbh. Leagann an ceadúnas amach na coinníollacha faoinar féidir an leanbh (leanaí) a bheith fostaithe, mar shampla coinníollacha ginearálta maidir le toiliú tuismitheora, socruithe maoirseachta agus oideachas, agus na hamanna oibre uasta agus sosanna íosta iomchuí do gach grúpa.

Ba chóir don fhostóir iarratas a dhéanamh i scríbhinn ar cheadúnas ar a laghad 21 lá sula dtosaíonn an fhostaíocht..

Is féidir an Fhoirm Iarratais a íoslódáil anseo - Employment of Children - Licence Application Form

Tá Foirm le comhlánú ag Príomhoide na Scoile ina bhfuil an leanbh mac léinn, a aontaíonn leis an leanbh bheith as láthair ón scoil, ag teastáil freisin agus féadfar é a íoslódáil anseo - School Principal Agreement to Absence of Child

Is féidir tuilleadh eolais ar cheadúnas le haghaidh scannán/teilifíse agus amharclann a fháil trí ghliogáil ar na naisc seo a leanas:

Note on Employing a Child by Licence (Film/TV)

Note on Employing a Child by Licence (Theatre)

Is féidir foirmeacha iarratais ar cheadúnas agus sonraí breise a fháil freisin ó:

Employment of Young Persons Licensing Section
National Employment Rights Authority
O'Brien Road
Carlow