Tá sé mar rial faoin "An tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994" don ostóir a eisiúnt ráiteas scríofa de théarmaí agus coinníollacha a bhaineann lena bhfostaíocht don a chuid fostaithe taobh istigh de dhá mhí ón bhfostaíocht a thosú.
Caithfear seo a leanas a bheith inti:
- Ainmneacha iomlána an fhostóra agus an fhostaí
- Seoladh an fhostóra
- An áit oibre nó, i gcás nach bhfuil aon príomháit oibre, ráiteas a léiríonn go bhfuil fostaí gceanglaítear nó ina gceadaítear a bheith ag obair in áiteanna éagsúla
- Teideal an Phoist, nó nádúr na hoibre
- An dáta ar thosaigh an fostaíocht
- Má tá an conradh sealadach, an fhad ama a meastar fostaíocht
- Cibé an bhfuil conradh ar feadh téarma seasta
- An ráta pá nó an modh ina ríomhtar pá
- Cibé an bhfuil pá seachtainiúil, míosúil nó ar shlí eile
- Téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le huaireanta oibre, ragobair san áireamh
- Téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le saoire le pá (seachas saoire bhreoiteachta íoctha)
- Aon téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le héagumas chun oibre mar gheall ar thinneas nó gortú
- Aon téarmaí nó coinníollacha a bhaineann le pinsin agus scéimeanna pinsin
- Tréimhsí Fógra nó modh chun tréimhsí fógra a chinneadh
- Tagairt d'aon chomhaontuithe comhchoiteanna a théann I bhfeidhm théarmaí fostaíochta
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméad naisc ag bun an leathanaigh.
Lean an nasc chuig an reachtaíocht ábhartha - An tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994